Skip to main content
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i Londain

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.
Available on
Apple Podcasts Logo
Google Podcasts Logo
Overcast Logo
Pocket Casts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)

Nuacht MhallDec 19, 2020

00:00
05:20
23 Márta 2024 (An Dún)

23 Márta 2024 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath, in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Ag labhairt dó ón fhoirgneamh rialtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Varadkar go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothroime agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar gur bhain a chinneadh le cúrsaí poilitiúla, ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh. Tá an chuma air go mbeidh Simon Harris ina chomharba ar Varadkar, an t-aon iarrthóir ainmnithe don ról ag am an taifeadta. 


Beidh feabhsú ar an gheilleagar sa Ríocht Aontaithe i mbliana, a dúirt Rishi Sunak ar an BBC i ndiaidh nuacht gur thit an boilsciú go dtí an leibhéal is ísle le beagnach dhá bhliain go leith. "Tá muid timpeall coirneáil i ndiaidh imní na mblianta atá caite,” a dúirt sé. Thit an boilsciú go 3.4% an mhí seo caite mar agus moill tagtha ar ardú ar phraghsanna bia. Ach d'ainneoin arduithe praghais ag moilliú ar an iomlán, lean praghsanna tithíochta agus breosla ag ardú go gasta ar fad. Faoi agallamh ag an BBC, dúirt an Príomh-aire go bhfuil feabhsú ag teacht ar chursaí.  D’admhaigh an tUasal Sunak go raibh droch-chuma go fóill ar an scéal do dhaoine, ach d’áitigh sé go raibh rathúlacht eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe ag athrú i ndiaidh damáiste a bheith déanta uirthi le blianta beaga anuas ag paindéim Covid agus de dheasca borradh fuinnimh agus praghsanna bia mar gheall ar an chogadh san Úcráin. Agus é á bhrú ar chostais árachais soghluaiste, leathanbhanda agus gluaisteáin ag ardú, d'admhaigh an tUasal Sunak go raibh "dúshláin" go fóill ann, ach d'áitigh go raibh an Ríocht Aontaithe "in áit i bhfad níos fearr ná mar a bhí muid nuair a tháinig mé isteach mar Phríomh-aire. Is é an jab atá agam ná a chinntiú go bhfuil muid ag cuidiú, agus sin a dhéanann ár gciorruithe cánach,” a dúirt sé.

Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid. Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”, agus ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála.” Deirtear go mbeidh béim ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge chomh maith agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla. I measc na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga. Cuirfear an t-athbhreithniú i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa chéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meáin. Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”. Deirtear go mbainfear leas as torthaí na bpobalbhreithe agus as an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dífhostaíocht - unemployment

comhionannas - equality

an boilsciú - inflation

rathúlacht - prosperity

athbhreithniú - review

soláthróirí - providers

Mar 23, 202406:39
16 Márta 2024 (Ciarraí)

16 Márta 2024 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. D’éirigh leis an scannán seacht nOscar ar fad a fháil. Agus é ag glacadh leis an ngradam dúirt Cillian go raibh sé an-tógtha ar fad. Ghabh sé buíochas le Nolan, an criú agus a chomhréalta, lena thuismitheoirí agus clann. Dúirt sé go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer, agus thiomnaigh sé an gradam do na daoine a dheánann síocháin. Labhair sé i nGaeilge chomh maith nuair a dúirt sé 'go raibh míle maith agaibh' ag deireadh a óráide. Is as Corcaigh ó dhúchas Cillian Murphy agus tá gach éinne ina cheantar agus timpeall na hÉireann an-bhródúil as. Bhuaigh an comhlacht leiriúcháin Element Pictures ó Bhaile Átha Cliath ceithre ghradam don scannán ‘Poor Things’ ina bhfuil an t-aisteoir Emma Stone, a bhuaigh an gradam don aisteoir baineann is fearr.

Tá an t-iriseoir iomráiteach agus comhfhreagraí nuachta Charlie Bird tar éis bás a fháil. Le linn daichead bliain mar iriseoir, thug Charlie Bird tuairiscí ar roinnt scéalta tábhachtacha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear tine Stardust, seachaint cánach sa Bhanc Éireannach Náisiúnta, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Meán Fómhair 2001 agus an súnámaí san Aigéan Indiach in 2004. Thosnaigh sé amach mar thaighdeoir le RTÉ in 1974 agus bhí cáil air mar dhuine díograiseach agus seiftiúil ar na cláracha Seven Days agus an Late Late Show agus ansin ag glacadh páirt le cúrsaí nuachta ó 1980 ar aghaidh. Sa bhliain 2021 deineadh diagnóis go raibh an galar néarón luadrach air. Chuaigh sé os comhar an phobail leis an ngalar agus thosnaigh sé an feachtas Climb With Charlie. Dhreap sé Cruach Phádraig, ag bailiú 3.3 milliún euro ar son An Cumann Galar Néarón Luadrach in Éirinn agus Pieta. D’eagraigh sé a luaithreach bheith curtha in Inis Oírr, áit ar thug sé cuairt uirthi go minic le breis is caoga bliain.

Thaistil an Taoiseach Leo Varadkar go dtí na Stáit Aontaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Chaith sé dhá lá ar thuras go Bostún. Bhuail sé le Gobharnóir Massachusetts, Maura Healey, agus dhein sé óráid i Leabharlann John F. Kennedy. Ar an Aoine bhuail sé leis an Leasuachtarán Kamala Harris agus bhí cruinniú déthaobhach aige leis na Uachtarán Joe Biden. Dúirt an Taoiseach go mbainfeadh sé úsáid as an ardán atá aige chun béim a chur ar shos cogaidh sa Mheánoirthear. Ina chuid óráidí i mBostún agus in Washington, tharraing sé aird ar an ionsaí uafásach a dhein Hamas ar Iosrael ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair chomh maith leis an tubaiste atá ag tarlú faoi láthair in Gaza. Ag dinnéar de chuid The Ireland Funds bhí Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill agus Emma Little-Pengelly, i láthair. An príomhchuspóir a bhí acu ná infheistiú a mhealladh go dtí an Tuaisceart. Ag an dTeach Bán tháinig an Taoiseach agus an tUachtarán le chéile. Dúirt Biden go bhfuil Éire agus Na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh céad bliain de chaidreamh taidhleoireachta agus ba bhreá leis teacht ar ais go hÉirinn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fisiceoir - physicist

comhréalta - co-stars

comhlacht leiriúcháin - production company

comhfhreagraí nuachta - news correspondent

an galar néarón luadrach - motor neurone disease

luaithreach - ashes

cruinniú déthaobhach - bilateral meeting

caidreamh taidhleoireachta - diplomatic relationship

Mar 16, 202407:46
9 Márta 2024 (An Clár)

9 Márta 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-ainmniúchán don bPáirtí Poblachtánach a fháil anois agus mar sin beidh sé ag dul in aghaidh Joe Biden den ndara huair i mí na Samhna. Ní raibh teannas ar bith do Joe Biden ach oiread agus é gan chéile comhraic dáirire sa rás le haghaidh ainmniúchán na
nDaonlathach.

Vótáil muintir na hÉireann in dhá reifreann Dé hAoine, ceann amháin faoin dteaghlach agus an ceann eile faoi chúrsaí cúraim. Bhí an leasú i reifreann an teaghlaigh ag iarraidh athrú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ann faoi láthair, go háirithe nach mbeadh an teaghlach bunaithe ar an bpósadh amháin ach ‘ar chóngais bhuanfasacha’ freisin. Bhí an reifreann cúraim ag iarraidh na tagairtí do dhualgais na mban sa bhaile a bhaint den mBunreacht agus aitheantas
a thabhairt ina n-áit don gcúram sa teaghlach. Bhí gach páirtí mór sa Dáil ar son an dá leasú agus ní raibh ach Aontú agus cúpla Teachta Dála neamhspleách i gcoinne na leasuithe. Dúirt an Taoiseach i rith na seachtaine go raibh na torthaí idir dhá cheann na meá. Bhí an chuma ar an scéal maidin Dé Sathairn go ndiúltófaí an dá reifreann.

Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an gcéad lá de mhí an Mhárta agus bhí go leor Gaolainne le cloistint sa Dáil le linn na seachtaine. Thug 18 Teachta Dála ráiteas i nGaolainn
Dé Céadaoin, ach ní raibh ceannaire ar bith ó na páirtí i láthair. Labhair na Teachtaí Dála faoi na géarchéimeanna a bhaineann leis an teanga agus leis na ceantracha Gaeltachta. Ar an lá céanna, fógraíodh go mbeidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste in 2025. Ba é 1997 an uair dheireanach a bhí an tOireachtas cois Lagáin agus ní raibh sé sa Tuaisceart ó 2006. Bhí dea-scéala eile do chúrsaí Gaolainne le linn na seachtaine nuair a cuireadh an t-
úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad uair riamh a bhí leabhar i nGaolainn ar an liosta don
aoisghrúpa idir 8-12 bliain d’aois.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

réamhthoghcháin - primary elections

feachtas - campaign

sainmhíniú - definition

leasuithe - amendments

géarchéimeanna - crises

cois Lagáin - Laganside

Mar 09, 202405:36
2 Márta 2024 (Maigh Eo)

2 Márta 2024 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar a laghad céad agus dáréag daoine. Dar le Roinn Sláinte Gaza, tá breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe anois i bhfrith-ionsaí Iosrael tar éis ionsaí Hamas ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair.

Tharla sochraid Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra i gcoinne Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, i Moscó Dé hAoine. Fuair Navalny bás go tobann i ngéibheann sa tSibéar Artach coicís ó shin. Is iomaí daorbhreith a gearradh ar Navalny nuair a d’fhill sé ar an Rúis, lena n-áirítear calaois, díspeagadh cúirte agus antoisceachas; acht shéan Navalny iad uilig, ag rá nach raibh iontu acht iarracht pholaitiúil chun é a chuir ina thost. D’fhreastail na mílte daoine ag a shochraid, acht dúirt urlabhraí na Creimile Dimitry Peskov go raibh aon chruinniú neamhúdaraithe ar son Navalny neamhdleathach. D’fhill Navalny ar an Rúis ón nGearmáin in 2021, tar éis cóir leighis don nimh néaróige Novichok a fháil, acht gabhadh go díreach é.

Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé hAoine, agus Éire faoi bhrat sneachta an mhaidin sin. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902, agus leanann an "tSeachtain" go Lá Fhéile Pádraig. Seoladh í le himeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Dúirt Orlaith Nic Gearailt, bainisteoir na féile le Conradh na Gaeilge, gur “féidearthachtaí” an téama atá ann i mbliana, féidearthachtaí chun tuilleadh Gaeilge a usáid sa ghnáthshaol. Beidh imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain i rith na Seachtaine. I Londain, beidh both ag Conradh na Gaeilge ag an bhféile ar Chearnóg Trafalgar ar Lá Fhéile Pádraig.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tionlacan cabhrach - aid escort

táinrith - stampede

calaois - fraud

díspeagadh cúirte - contempt of court

antoisceachas - extremism

féidearthachtaí - possibilities

Mar 02, 202404:42
24 Feabhra 2024 (Baile Átha Cliath)

24 Feabhra 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh

D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé á choinneáil nár tháinig an mothú ar ais ann tar éis dó titim i ndiaidh siúlóide. Dúirt Yulia Navalny, baintreach Alexei, gur nimhíodh Navalny leis an néaroibreán, Novichok, agus gurb é seo an fáth nach bhfuil a chorp scaoilte go fóill. Díreoidh na smachtbhannaí is déanaí ar raon réimsí, lena n-áirítear bunáiteanna cosanta agus tionsclaíochta na tíre, mar aon le foinsí ioncaim don gheilleagar.

Bhuaigh an t-aisteoir as Corcaigh, Cillian Murphy, gradam don Aisteoir is Fearr ag na BAFTAs Dé Domhnaigh seo caite as a léiriú sa scannán Oppenheimer. Sa scannán, léirigh Murphy an t-eolaí taobh thiar den bhuama adamhach, agus tá sé anois ina phríomh-iomaitheoir le bheith ar an dara haisteoir Éireannach riamh an gradam don Aisteoir is Fearr a bhuachaint ag na Oscars. D’éirigh chomh maith leis an scannán, Poor Things, a léirigh an comhlacht Éireannach, ‘Element Pictures.’ Bhain an scannán duaiseanna amach as léiriú Emma Stone chomh maith le dearadh agus éifeachtaí amhairc.

Den tríú huair, chros na Stáít Aontaithe rún na Náisiún Aontaithe chun sos cogaidh daonnúil láithreach a éileamh i gcogadh Iosrael-Hamas. Chuir na Stáit Aontaithe i gcoinne an rúin, a fuair tacaíocht fhorleathan, ag rá go gcuirfeadh an comhaontú isteach ar an gcaibidlíocht chun gialla Iosraelacha a shaoradh. Ba é 13-1 an vóta sa Chomhairle Slándála ina raibh 15 bhall (agus staon an Ríocht Aontaithe). Go dtí seo, maraíodh níos mó na 29,000 Palaistíneach in ionsaithe míleata Iosrael, de réir Aireacht Sláinte Gaza, a deir gur mná agus leanaí a bhí i bhformhór na dtaismeach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

Feb 24, 202404:24
17 Feabhra 2024 (Luimneach)

17 Feabhra 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.

Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith gur bhain Trump an bonn de ról NATO trí bhonn a bhaint as creidiúnacht a dhíspreagadh. D’fhreagair Joe Biden freisin agus é ag rá go raibh tuairimí Trump balbh, náireach agus contúirteach. Ag an am céanna, rinne Biden achainí ar Phoblachtánaigh chun bille a thabharfadh cúnamh eachtrach do thíortha lena n-áirítear Iosrael agus an Téaváin a cheadú.

Tháinig Coiste Meán an Oireachtais le chéile an tseachtain seo caite chun scannal leanúnach RTÉ a phlé. Iarradh ar an Ard-Stiúrthóir, Kevin Bakhurst, pacáiste scoir conspóideach an phríomhoifigigh airgeadais a phlé, rud a bhain léi a bheith íoctha ceithre chéad caoga míle euro. Labhair roinnt polaiteoirí, lena n-áirítear Mary Lou McDonald, a dúirt go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán. Bhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro.

Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap ag cur an dlí ar Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe, Kemi Badenoch. Cheadaigh painéal neamhspleách deontas arbh fhiú cúig mhíle dhéag punt do Kneecap. Chuir rialtas na Ríochta Aontaithe bac ar an deontas, áfach, agus dúirt nach raibh siad ag iarraidh airgead poiblí a eisiúint do ghrúpa atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe féin. Tá cáineadh déanta faoi Kneecap cheana ar nádúr conspóideach a gcuid amhrán agus físeán. Dúirt siad gur iarracht rialtas na Ríocht Aontaithe iad a chur ina dtost an beart is déanaí seo. Tá an deontas deartha chun ealaíontóirí a chur chun cinn i margaí thar lear.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

comhghuaillí - ally

creidiúnacht - credibility

Coiste Meán an Oireachtais - Oireachtas Committee on Media

pacáiste scoir - severance package

deontas - grant

cáineadh - condemnation

Feb 17, 202406:04
10 Feabhra 2024 (Ard Mhacha)

10 Feabhra 2024 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar cheannaire ar chomhrialtas ilpháirtí, ar a tugadh 'Comhrialtas Bogha Ceatha', in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé. Bhí sé lárnach i mbunú an phróisis síochána sa Tuaisceart. I ráiteas dúirt an Taoiseach reatha Leo Varadkar gur méala mór é bás John Bruton dó féin go pearsanta. Tá comhbhrón déanta ag daoine éagsúla ar fud na tíre agus thar lear.
D’fhógair Pálás Buckingham go bhfuil ailse ar Rí Séarlas. Thug said le fios cúpla seachtain ó shin go raibh fadhb phróstatach ag an Rí ach nach raibh sí tromchúiseach. I ndiaidh scrúdaithe, áfach, fuarthas go bhfuil ailse air, ach níor fógraíodh go fóill cén cineál. Dúirt Príomhaire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go raibh brón air faoi agus gur “thángthas uirthi go luath”. I ráiteas inné, dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUiginn go bhfuil “an-bhrón agus buairt” air faoi dhiagnóis leighis an Rí a chloisteáil. Tá Séarlas chun sos a ghlacadh óna chuid oibre agus cóir leighis á cur air agus tuariscíodh go raibh a mhac Harry fillte ó Mheiriceá chun am a chaitheamh leis.
Rinne stoirm mharfach damáiste ollmhór in California agus ar chósta thiar Mheiriceá. Is é seo an dara córas aimsire taobh istigh de sheachtain, a tharla mar gheall ar fhéiniméan ar a dtugtar an “Pineapple Express”. Is abhainn atmaisféarach é an Pineapple Express, frasaíocht a bheirtear tríd an aer ó lár an Aigéin Chiúin. Maraíodh ar a laghad triúr ag crainn ag titim, tuilte agus sciorradh láibe. De bharr na fearthainne ba mheasa a chonacthas riamh sa stát, d’fhógair an gobharnóir staid éigeandála in ocht gcontae. Tá beagnach 40 milliún duine ag maireachtáil le foláireamh tuilte. Thairg Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuidiú ón rialtas feidearálach. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Comhrialtas Bogha Ceatha - Rainbow Coalition

Daonlathas Clé - Democratic Left

ailse - cancer

cóir leighis - treatment

frasaíocht - precipitation

foláireamh tuilte - flood warning

Feb 10, 202405:38
3 Feabhra 2024 (An Clár)

3 Feabhra 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbeadh “áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine”. De réir an mhargaidh nua, beidh níos lú seiceálacha
custaim ar earraí a sheoltar ón mBreatain agus a choinnítear sa Tuaisceart. Is cosúil go dtiocfaidh feisirí Thionól Stormont le chéile Dé Sathairn agus go mbeidh Michelle O’Neill ó
Shinn Féin ina Céad-Aire de bharr thorthaí an toghcháin dheireanaigh. Seo an chéad uair a bheidh náisiúnaí ina Chéad-Aire ó bunaíodh Tuaisceart Éireann.


Tá sé deimhnithe ag an Aontas Eorpach €50 billiún breise a thabhairt don Úcráin tar éis cruinniú éigeandála sa Bhruiséil an tseachtain seo. Bhí Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán, i gcoinne níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Úcráin roimh an Nollaig, ach d’athraigh sé a mheon le linn an chruinnithe. Ba chóir go mbeadh gach cinneadh déanta d’aon ghuth san Aontas Eorpach agus mar sin, bhí fíor-thábhachtacht ag baint le cinneadh Orbán. Beidh an t-airgead seo riachtanach don Úcráin chun a seirbhísí agus a geilleagar a choinneáil slán. Tá géarghá le maoiniú ag an Úcráin tar éis dhá bhliain ag troid in aghaidh
fhórsaí na Rúise agus an méid díobhála atá déanta sa tír ó thosaigh an cogadh.


Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde (nó Imbolc) Déardaoin agus beidh lá saoire bainc in Éirinn Dé Luain, an dara huair riamh a bheidh lá saoire ann chun onóir a thabhairt don Naomh agus don mBandia. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil an tseachtain seo, áit ar bhuail sé le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola. Tar éis a gcruinnithe, scríobh Metsola
teachtaireacht i nGaolainn ar na meáin shóisialta inar ghuigh sí beannachtaí na Féile Bríde ar mhuintir na hÉireann. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine chun ómós a dhéanamh do Bhríd: mar shampla, beidh mórshiúl i gCluain Dolcáin Dé Domhnaigh ina mbeidh daoine gléasta mar chleamairí agus mar Bhríd, an Naomh agus an Bandia págánach. Beidh oilithreacht go dtí Tobar Bhríde, atá suite sa cheantar chomh maith, ar an Luan.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

margadh trádála - trade deal

Céad-Aire - First Minister

cruinniú éigeandála - emergency meeting

geilleagar - economy

ómós - homage, respect

cleamairí - strawboys, biddy boys, mummers

Feb 03, 202405:50
27 Eanáir 2024 (Tír Eoghain)

27 Eanáir 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail.

Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh orthu sa bhreithiúnas idirlinne seo, ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú, rud a shéanann na hIosraelaigh go láidir. Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas, ach cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte. Cumadh an Coinbhinsiún um Chinedhíothú sa bhliain 1948, de dheasca na n-ionsaithe uafásacha a rinneadh ar Ghiúdaigh agus ar ghrúpaí eile le linn an Dara Cogadh Domhanda.

I gcúirt eile i Nua Eabhrac Dé hAoine, bronnadh $83.3m ar E Jean Carroll ina cás clúmhillte i gcoinne Donald Trump. Tá sí le fáil $18.3m mar chúiteamh as damáistí, chomh maith le $65m mar chúiteamh pionósach. Níor ghlac Trump leis an bhreithiúnas, agus mhaígh sé go raibh feachtas géarleanúna ar siúl. Scríobh Carroll alt don iris New York cúig bliana ó shin inar nocht sí gur éignigh Trump í sa bhliain 1996, agus ghlac giúiré agus breitheamh leis go raibh na líomhaintí seo fíor. Níor chuir sin as do Trump, áfach, agus lean sé ar aghaidh ag clúmhilleadh Carroll go minic.

Tá an banna ceoil conspóideach Kneecap i ndiaidh gradam an lucht féachana a bhaint ag an fhéile scannán Sundance in Utah. Ba é an chéad scannán Gaeilge a léiríodh ag Sundance, agus rinneadh comparáid leis an scannán Trainspotting i léirmheas amháin i Meiriceá. Cheannaigh Sony Picture Classics na cearta chun an scannán a dháileadh i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Eoraip agus sa Mheánoirthear. Tá an banna conspóideach as na tagairtí a dhéanann siad do dhrugaí agus do chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éirinn, ach ag an am chéanna tá sé áitithe acu nach bhfuil aon teachtaireacht sheicteach ina gcuid ceoil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

breithiúnas idirlinne - interim judgement

inchreidte - plausible

cás clúmhillte - defamation case

feachtas géarleanúna - witch hunt

gradam an lucht féachana - the audience award

teachtaireacht sheicteach - sectarian message

Jan 27, 202405:12
20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann)

20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneach nó reiligiúnach a scriosadh i bpáirt nó san iomlán" faoin gCoinbhinsiún um Chinedhíothú 1948. Dhiúltaigh Iosrael na héileamh go láidir. Is dócha go dtógfaidh sé blianta chun cinneadh ar an gcúiseamh a fháil sa chúirt. Mar sin, d’iarr an Aifric Theas ar an CBI roinnt beart sealadach a thógáil, an chéad cheann chun “stad láithreach a chur ar oibríocht mhíleata Iosrael in agus i gcoinne Gaza”. D’áitigh dlíodóir ar son Iosrael nach raibh aon bhunús dlí ag an mbeart agus go bhfágfadh sé Hamas saor le gníomhú. I gcinneadh conspóideach, dhiúltaigh rialtas na hÉireann tacaíocht a thabhairt don Aifric Theas sa chás ach tá abhcóide Éireannach, Blinne Ní Ghrálaigh, ag déanamh ionadaíocht ar son na hAifrice Theas. Rinne sí cur síos sa chúirt ar an “uafás de chinedhíothú i gcoinne mhuintir na Palaistíne”. In 2021 bhí Blinne Ní Ghrálaigh ina habhchóide nuair a fuair Conradh na Gaeilge i Londain an deis idirghabháil a dhéanamh san achomharc i gcás chlann Margaret Keane, nár bhfuair cead teachtaireacht Ghaeilge ar leac uaighe a máthair. Bhí an bua acu san achomharc.

Fuair níos mó ná 21,000 saoránach Éireannach Víosa Saoire Oibre na hAstráile idir mí Iúil 2022 agus mí na Bealtaine 2023 de réir figiúirí a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Baile san Astráil. Sin an
líon is airde a taifeadadh le 16 bliana ar a laghad. Ardú 105% atá i gceist i gcomparáid leis an mbliain roimhe, ach bhí laghdú ar na figiúirí i rith na paindéime. Le haghaidh comparáide, deonaíodh 11,077 víosa i rith na tréimhse céanna idir 2018 agus 2019, roimh na paindéime. Ní fhacthas an méid seo eisimirce ó ard an chúlaithe eacnamaíochta in 2008 agus deir saineolaithe go bhfuil siad ag tnúth le níos mó daoine fós ag lorg víosa i mbliana, agus tuarastail níos airde agus caighdeán maireachtála níos fearr san Astráil ag mealladh daoine óga ó Éirinn.


In 2023 mheall TG4 an sciar is mó den lucht féachana náisiúnta don chainéal ó bhí 2009 ann. Bhí 2.09% den lucht féachana in Éirinn ag TG4 anuraidh, ardú ó 1.96% an bhliain roimhe agus an céatadán is mó ó 2009, nuair a bhain siad 2.6% den lucht féachana amach. 2023 san áireamh, ba é an ceathrú bliain leanúnach inar tháinig ardú ar chéatadán den lucht féachana a bhí ag an gcainéal. Ba é TG4 an seachtú cainéal is mó sa tír ó thaobh lucht féachana de in 2023 fosta. Maidir leis na figiúirí atá foilsithe ag TG4 d’fhéach 3.67 milliúin daoine ar TG4 i rith na bliana. Bhí mí na Nollag ar an mí is rathúla don chainéal agus mheall an Cluiche Ceannais na Sraithe Peile idir Gaillimh agus Maigh Eo, an líon is mó daoine ag TG4 in 2023. Seoladh cainéal nua do pháistí ‘Cúla4’ anuraidh agus dúirt Ard-Stiúirthóir TG4 Alan Esslemont go raibh an-bhliain acu in 2023.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Coinbhinsiún um Chinedhíothú 1948 - Genocide Convention 1948

idirghabháil - intervention

achomharc - appeal

ard an chúlaithe eacnamaíochta - the height of the recession

caighdeán maireachtála - quality of life

lucht féachana - audience

Jan 20, 202407:35
13 Eanáir 2024 (An Dún)

13 Eanáir 2024 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain 2024. Bhí an bhliain 2023 1.48C ní ba theo ná an meán fadtéarmach agus bhí an mheánteocht in 2023 0.17C ní b'airde ná mar a bhí in 2016, an bhliain ba mheasa ó thaobh an teasa dhomhanda roimhe seo. Tá figiúr na bliana seo caite cóngarach don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint. Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.
Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de na ceantair Ghaeltachta. Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí an daonáirimh nua, nach bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát. De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail. Idir Daonáireamh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 32 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile. De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Carna agus Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge de ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar gheall ar chuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht, agus bhí go leor scriosta ó thaobh airgid de. Shínigh níos mó ná milliún duine achainí ag iarraidh go ndéanfaí an CBE a bhaint de Ms Vennells i ndiaidh chlár teilifíse ITV a tháinig amach ag tús na míosa. I ráiteas, dúirt Ms Vennells, a bhí ina príomhfheidhmeannach ar Oifig an Phoist idir 2012 agus 2019, gur "éist sí" leis na fo-mháistrí poist agus le daoine eile ag iarraidh uirthi a CBE a thabhairt ar ais. “Tá fíor-bhrón orm as an léirscrios a rinneadh do na fo-mháistrí poist agus dá dteaghlaigh, a raibh a saol stróicthe as a chéile de bharr iad a bheith cúisithe go mícheart agus iad a ionchúiseamh go mícheart mar thoradh ar chóras Horizon.”

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

réamhthionsclaíoch - pre-industrial

i ndán dúinn - in store for us

toghroinn - electoral division

céatadán - percentage

fo-mháistrí poist - sub-postmasters

stróicthe as a chéile - ripped apart

Jan 13, 202406:52
6 Eanáir 2024 (Ciarraí) - TÉIC 2

6 Eanáir 2024 (Ciarraí) - TÉIC 2

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhaidh go dtarlódh súnámaí. Deineadh aslonnú ar na daoine as an gceantar agus bhí gearradh cumhachta in áiteanna. Tar éis na gcreathanna, tharla tine mhór in Wajima. Toisc go raibh an crith talún 7.5 ar an scála déine sheismeach, cuireadh comhartha rabhaidh faoi shúnámaí amach chomh fada le hOirthear na Rúise. Ach an lá dár gcionn bhaineadar é mar níor dhein an crith talún na tonnta chomh hard is a cheapadar. Tá na gardaí, comhraiceoirí dóiteáin agus fórsaí cosanta ag measúnú an damáiste atá deánta. In aerphort Haneda, bhuail Aerlíne na Seapáine agus eitleán de chuid na ngardaí cósta i gcoinne a chéile. Bhí na gardaí cósta ag tabhairt earraí go dtí an ceantar a bhuail an crith talún. Tháinig 379 duine slán as Aerlíne na Seapáine a chuaigh trí thine ar an rúidbhealach ach fuair cúigear bás ar eitleán na ngardaí costa.

Ag oráid Oíche Chinn Bliana, d’fhógáir Banríon na Danmhairge Margrethe a dó go mbeidh sí ag tabhairt suas na corónach ar an 14ú lá de mhí Eanáir. Deineadh banríon di 52 bliain ó shin nuair a cailleadh a hathair Rí Frederik IX in 1972. Dúirt sí go mbeidh a mac Prionsa Frederick ag teacht i gcoróin. Ag 83 bliain, is í an bhanríon is sine atá gníomhach san Eoraip faoi láthair. Tar eis obráid a bhí aici ar a droim, bhí sí ag cuimhneamh ar an todhchaí agus ar an gcúram a thabhairt don chéad ghlúin eile. Beidh Frederick ina rí ar an Danmhairg, ar an nGraonlainn agus ar Oileáin Fharó. Beidh a bhean chéile Mary, a rugadh san Astráil, mar bhanríon aige.

Baineadh éacht amach sna cluichí dairteanna nuair a d’éirigh leis an déagóir Luke Littler áit a bhaint amach i gCluiche Ceannais Chraobh an Domhain i bPálás Alexandra i dtuaisceart Londan. Ba é an chéad uair riamh a bhí duine chomh óg chomh fada ar aghaidh sa chomórtas. Bhí Littler ag imirt i gcoinne Luke Humphries, a bhí sa triú háit i rangú Chorporáid Phroifisiúnta na nDairteanna. Ag an gcluiche ceannais, bhí Littler ceithre sheit go dhá sheit chun tosaigh ach fuair Humphries an lámh in uachtar air nuair a d’éirigh leis 7 seit go 4 sheit a aimsiú agus an comórtas a bhuachtaint. D’ardaigh sé go huimhir a haon sa rangú tar éis an chraobhchomórtais. Fuair Humphries duais £500,000 agus bhuaigh Littler £200,000. Beidh an bheirt imreoirí ag glacadh páirt i bpríomhshraith na ndairteanna i mbliana.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Lá Caille - New Year's Day

eipealár - epicentre

coróin - crown

an todhchaí - the future

rangú - ranking

príomhshraith - premier league

Jan 13, 202406:22
30 Nollaig 2023 (Dún na nGall)

30 Nollaig 2023 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 30 lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.  
Maraíodh níos mó ná 200 duine le buillí Iosraelacha le linn 24 uair i lár na seachtaine, de réir na Roinne Sláinte atá faoi riarachán Hamas. Dúirt an Roinn Sláinte go raibh líon na bPalaistíneach maraithe sa chogadh go dtí seo ag níos mó ná 21,000 duine – beagnach 1% de dhaonra na Palaistíne. Tá eagla ann go bhfuil na mílte duine slogtha nó caillte faoi na fothracha go fóill. D’fhógair Iosrael go mairfidh an cogadh in aghaidh Hamas míonna fós, agus é ag leathnú a ionsaí talún go campaí dídeanaithe Palaistíneacha i lár Gaza.  
Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh méadú iontrálacha ospidéil mar gheall ar ardú “an-ghéar” i líon na gcásanna covid agus fliú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag feiceáil méadú na ndaoine a bhfuil tinneas riospráide orthu ag freastal ar rannóga éigeandála. Chonacthas 538 duine le fliú agus 282 duine le covid sna seomraí éigeandála – ardú ó 312 le fliú agus 144 le covid an tseachtain seo caite. Dúirt an Dochtúir Éamonn O’Moore, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Chosaint Sláinte, “Tá an t-athraitheach nua JN.1 ag teacht ina phríomh-thréithchineál gan mhoill.”
De réir Dhaonáireamh 2022, féadann 1/10 duine an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith, agus féadann 32% í a labhairt go maith. Sa phobal atá thar trí bliana d’aois, féadann beagnach 1.9 milliún daoine an Ghaeilge a labhairt, méadú os cionn 6% nó 112,500 ó tharla an Daonáireamh in 2016. Is iad na ceantracha ina bhfuil an líon is mó cainteoirí laethúla An Bun Beag i nDún na nGall agus An Cheathrú Rua i gConamara. Taispeánann na figiúirí go bhfuil 106,000 daoine ag cur fúibh i gceantracha Gaeltachta in Aibreán 2022, ardú 7% nó 6,600 daoine i gcomparáid le Aibreán 2016.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fothracha - ruins

campaí dídeanaithe - refugee camps

iontrálacha ospidéil - hospital admissions

tinneas riospráide - respiratory illness

rannóga éigeandála - emergency departments

Daonáireamh - Census

Dec 30, 202305:22
23 Nollaig 2023 (Maigh Eo)

23 Nollaig 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éis na mílte crith talún, agus bhí gach duine de mhuintir Grindavik bogtha amach as an gceantar cheana. Is minic a chuir brúchtaí bolcáin san Íoslainn isteach ar Éirinn san am atá thart, ó thagairtí do “shneachta nimhneach” sna hAnnála, go 2010 nuair a phléasc an bolcán Eyjafjallajökull agus chuir a scamall luatha stop le haerthaisteal ar feadh breis agus seachtain. An babhta seo, toisc nach bhfuil an bolcán nua faoi oighearshruth, níl baol mór ann faoi láthair go nginfidh sé scamall mór luatha.

Tá an comhlacht Primark tar éis leithscéal a ghabháil as rá le fostaí dá gcuid nár chóir di geansaí Nollag a chaitheamh ar a raibh “Nollaig Shona” scríofa as Gaeilge. Dúirt Primark nach raibh aon pholasaí acu i gcoinne na Gaeilge ar éadaí fostaithe. Bhí an fostaí ag obair i siopa ar an Ascaill Ríoga i mBéal Feirste, agus tuairiscítear gur dúradh léi go raibh seans ann go gcuirfeadh an Ghaeilge olc ar dhaoine éagsúla, agus freisin go mbeadh cead aicí eadaí a raibh ráiteas Spáinnise orthu a chaitheamh, acht go raibh cosc ar an nGaeilge. Dúirt Primark go bhfuil sé i gceist acu ionad oibre ionchuimsitheach a bheith ann.

Tharla grianstad an gheimhridh an tseachtain seo, Déardaoin. Tháinig slua ar maidin chun éirí na gréine a fheiceáil ag Sí Bhrú na Bóinne. Bhí buíon beag daoine ádhúla taobh istigh den Sí féin, agus iad ag fanacht leis an gcéad gha solais a fheiceáil ag taitneamh trí bhosca dín an tSí isteach sa seomra adhlactha. Faraor, bhí scamaill ísle ar fhíor na spéire, agus níor bhris an ghrian amach go dtí a ceathrú uair a' chloig tar éis a héirí, am a bhí ródhéanach chun an seomra adhlactha a shoilsiú. Mar sin féin, shroich an solas an pasáiste, agus dar le Laura Dillon agus le Juan Farado, beirt de bhuaiteoirí an chrannchuir chun a bheith istigh sa Sí, bhí sé an-draíochtúil.

*

GLUAIS

screamh - crust

gág - fissure

oighearshruth - glacier

ionchuimsitheach - inclusive

bosca dín - roof box

seomra adhlactha - burial room

Dec 23, 202305:22
16 Nollaig 2023 (Baile Átha Cliath)

16 Nollaig 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Saighdiúir F a chur chun trialach, agus dúirt go raibh sé i bhfad ag teacht. Scaoileadh 13 dhuine marbh agus gortaíodh 15 eile ar a laghad nuair a thosaigh baill de Reisimint Pharaisiúit Arm na Breataine ag lámhach ar agóideoirí cearta sibhialta ar Thaobh an Bhogaigh breis is 51 bliain ó shin. Foilsíodh tuarascáil Saville, a chruthaigh go raibh an locht ar na saighdiúirí Briotanacha, sa bhliain 2010, ach níor cuireadh duine ar bith chun trialach chuige seo. Níl dáta don triail socraithe fós.
Den chéad uair riamh, d’aontaigh na Náisiún Aontaithe glao ar aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide. De réir an chomhaontaithe, geallann an 200 tír a ghlacann leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile nó éirí as breoslaí iontaise de réir a chéile. Dúirt Aire Comhshaoil na hÉireann, Eamon Ryan, gur léirigh an comhaontú gur féidir le náisiúin “aontú fós” agus oibriú le chéile i ndomhan atá roinnte agus ag cogadh. Cháin ionadaithe eile an margadh mar rud atá ró-lag, agus dúirt Uachtarán COP 28, atá ina phríomhfheidhmiúchán i gcomhlacht náisiúnta ola agus gáis Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, go leanfaidh an comhlacht sin ar aghaidh le hinfheistíocht i mbreoslaí iontaise.
Táthar ag súil go dtabharfar borradh mór airgid do chluichí Gaelacha tar éis an tsíntiús is déanaí ón mbilliúnaí Luimnigh JP McManus. Tháinig sé chun solais maidin Déardaoin go bhfuil McManus, atá ag tacú le CLG le fada an lá, le €1 milliún a bhronnadh ar gach contae in Éirinn, le dáileadh go cothrom ar eagraíochtaí CLG, LGFA agus Camógaíochta. Dúirt cathaoirleach CLG Luimnigh Séamus McNamara gur “deontas thar a bheith flaithiúil” a bhí ann. Tá daoine eile, áfach, tar éis labhairt amach faoi chás cánach McManus, a ritheann a ghnó ón Eilvéis. “Tríd an daonchairdeas is féidir leat na tionscadail is fearr leat a mhaoiniú,” a dúirt Jennifer Whitmore TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, “Ach is é an cuspóir a bhaineann le cáin a íoc ná íoc as bunseirbhísí poiblí, rudaí amhail séarachas, seirbhísí uisce, oideachas agus sláinte, b’fhéidir nach bhfuil siad chomh mealltach mar bheart caidreamh poiblí ach a bhfuil an tír á rith orthu.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dúnmharú - murder

agóideoirí cearta sibhialta - civil rights protestors

roinnte - divided

príomhfheidhmiúchán - chief executive officer

daonchairdeas - philanthropy

séarachas - sewerage

Dec 16, 202305:31
9 Nollaig 2023 (Luimneach)

9 Nollaig 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey.

Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifig tar éis na dianghlasála. Dhiúltaigh sé freisin d’éilimh go raibh fadhb ag baint leis an gcultúr ag Downing Street, agus dúirt go raibh fadhbanna ann ó am go chéile ach nach raibh aon olc ann. Dúirt sé nach féidir leis a mhíniú cén fáth a ndeachaigh roinnt teachtaireachtaí WhatsApp ar iarraidh óna sheanfhón, ach deir sé nár scrios seisean iad. Tháinig gártha magaidh ón lucht agóide agus é ag fágáil an fhiosrúcháin.

Tháinig roinnt gnólachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear Google, TikTok agus Meta, os comhair an Oireachtais Dé Céadaoin chun ceisteanna a fhreagairt faoina bhfreagairt ar chíréibeacha Bhaile Átha Cliath. Dúirt ionadaí ó TikTok, mar shampla, gur ghníomhaigh sé a phrótacail um bainistiú géarchéime chun scaipeadh na mífhaisnéise a chosc. Mar sin féin theip ar X, ar a dtugadh Twitter roimhe seo agus atá faoi úinéireacht Elon Musk anois, a bheith i láthair. Bhain na ceisteanna le héilimh gur scaipeadh faisnéis bhréagach agus glaonna foréigin go tapa ar an ardán roimh na círéibeacha agus lena linn. Tharla sé seo in ainneoin iarratais ó na Gardaí. Mar fhreagra air sin, mhaígh X nach ndearna na Gardaí teagmháil fhoirmiúil leis go dtí laethanta i ndiaidh na gcíréibeacha agus thairg sé freagra a thabhairt trí litir nó le linn seisiún príobháideach ina ionad sin.

D'fhreastail ionadaithe ó bheagnach dhá chéad tír ar COP 28 an tseachtain seo in Dubai. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil ag éirí leo i gcomparáid leis na spriocanna a bhí acu roimhe seo, agus pleananna don todhchaí. D’iarr Mary Robinson, iarUachtarán na hÉireann, go gcuirfí deireadh le breoslaí iontaise de réir a chéile, tar éis d’uachtarán COP 28 a rá léi nach raibh aon eolas ar fáil ina ndeirtear go mbainfeadh sé aon phonc a cúig chéim celsius amach. Chomh maith le bheith ina uachtarán ar an gcruinniú mullaigh, tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha freisin. Tá an Líonra um Ghníomhaíocht Aeráide, an comhrialtas is mó ar domhan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha aeráide, tar éis aird a tharraingt ar an líon brústocairí breosla iontaise a d’fhreastail ar an gcruinniú mullaigh i mbliana.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fiosrúchán - inquiry

gártha magaidh - jeers

bainistiú géarchéime - crisis management

faisnéis bhréagach - false information

ionadaithe - representatives

brústocairí breosla iontaise - fossil fuel lobbyists

Dec 09, 202306:10
2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas agus scaoileadh níos mó giall idir phríosúnaigh in Gaza agus Phalaistínigh i ngéibheann in Iosrael. Tugann an sos cogaidh deis cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a cheadú isteach i stráice Gaza.

Tá sé fógartha go bhfuil an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Shane MacGowan tar éis bháis. Scríobh na Pogues ar na meáin shóisialta, "Fuair Shane bás suaimhneach ag 3am ar maidin lena bhean chéile Victoria agus a theaghlach taobh leis." Chaith sé roinnt míonna in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath i mbliana ach scaoileadh amach é seachtain ó shin agus d’fhill abhaile chun am a chaitheamh lena chairde agus lena theaghlach. Bhí clú agus cáil air as an ról sa bhanna ceoil na Pogues agus an singil iomráiteach a bhí acu, Fairytale of New York. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.”

Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an tAonad Ord Poiblí le 200 taser a fháil, agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí dhá ghunna uisce ar fáil go buan. Dúirt an Coimisinéir Drew Harris leis an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Cirt go bhfuil gardaí ag imscaradh dhá ghunna uisce, atá ar iasacht ón PSNI, i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh ceamaraí coirp ar fáil sa phríomhchathair go luath in 2024, bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá gach garda tosaigh chun sprae piobair níos láidre a fháil. D’athraigh an rialtas an dlí an tseachtain seo caite chun úsáid a bhaint as ceamairí coirp tar éis an fhoréigin i mBaile Átha Cliath.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

Dec 02, 202305:19
25 Samhain 2023 (An Clár)

25 Samhain 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 25ú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d’éirigh leo an scian a tharraingt as a lámh agus srian a chur leis sular tháinig na Gardaí. Bhí an fear é féin gortaithe freisin agus tar éis dó a bheith gafa, tógadh go dtí an t-ospidéal é. Tá drochbhail ar chailín óg amháin faoi láthair agus tá an bhean gortaithe go dona chomh maith. Bhain an eachtra an anáil de dhaoine sa chathair agus de pholaiteoirí. Bhí radharcanna gránna sa chathair oíche Dhéardaoin, nuair a thosaigh dronga ceangailte leis an eite dheis ag ionsaí Gardaí. Cuireadh carranna agus busanna trí thine agus scairt na dronga manaí frith-inimirce. Ghabh na Gardaí níos mó ná tríocha duine agus cháin polaiteoirí an foréigean.

Cuireadh sos cogaidh ceithre lá i bhfeidhm in Gaza an tseachtain seo nuair a d'éirigh le hidirghabhálaithe ó Chatar comhaontú a fháil idir Rialtas Iosrael agus Hamas. Scaoilfidh Hamas saor caoga giall atá faoi choinneáil acu in Gaza agus tabharfaidh na hIosraelaigh 150 Palaistíneach atá i ngéibheann ar ais go Gaza. Is cosúil go mbeidh mná agus páistí i gceist ar an dá thaobh. Tá sé ráite go bhfuil timpeall ar 240 giall á gcoinneáil ag Hamas in Gaza ó thús an bhabhta seo den chogadh ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Mharaigh Hamas thart ar 1,200 duine san ionsaí sin ach tá ar a laghad 13,000 Palaistíneach maraithe in Gaza ón lá sin faoi lámh na bhfórsaí Iosraelacha. Beidh súile an domhain mhóir ag féachaint ar Gaza i rith  an tsosa seo agus beidh súil acu go mbeidh sos cogaidh níos buaine gan mhoill.

Fuair Geert Wilders agus a pháirtí polaitíochta, an PVV—atá i bhfad amach ar an éite dheis—tríocha seacht suíochán in olltoghchán na hÍsiltíre Dé Céadaoin. Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread. Agus 37 as 150 suíochán ag a pháirtí, tá seans maith ann go mbeidh Wilders sa chéad rialtas eile san Ísiltír. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas.







manaí frith-inimirce - anti-immigration slogans

idirghabhálaithe - negotiators

sos cogaidh - ceasefire

Ioslamafóibe - Islamophobia

Nov 25, 202306:11
18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)

18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach conas a rachaidh an feachtas chun cinn. Ceaptar go mbeidh ráiteas cuimsitheach chun leithscéal a ghabháil le muintir de bhunús Afracach i measc na n-iarratas. Rinne Rí Séarlas III den Ríocht Aontaithe tagairt don stair agus é ar cuairt sa Chéinia le déanaí ach ní dhearna sé leithscéal foirmiúil. Tá eagraíochtaí eile amhail Ollscoil Ghlaschú agus Eaglais Shasana i ndiaidh gealladh go dtabharfaidh siad na milliúin punt chun cúiteamh a dhéanamh i leith coireanna a rinneadh san am atá thart.

In Éirinn, tugadh príosún saoil don fhear a dhúnmharaigh an múinteoir bunscoile Ashling Murphy i mí Eanáir 2022. Bhí an bhean óg, a bhí 23 bliana d’aois ag an am, amuigh ag rith in aice le canáil um thráthnóna nuair a rinneadh ionsaí uirthi. Shéan an cosantóir go ndearna sé an choir, in ainneoin go raibh scéalta eile inste aige cheana. Léigh páirtí agus muintir Ashling ráitis tionchair íospartaigh ag an Phríomh-Chúirt Choiriúil Dé hAoine, inar chuir siad in iúl an croíbhriseadh atá orthu ar fad. Meastar go bhfuil foréigean in aghaidh ban ina ghéarchéim anois, agus ocht mbean déag eile maraithe ó fuair Ashling bás.

Fógraíodh inné go mbainfear 10 bpointe den chlub sacair Everton mar gheall ar sháruithe ar rialacha a bhaineann le cothromaíocht airgeadais i bpríomhshraith an spóirt i Sasana. Faoi rialacha na sraithe sin, níl cead ag club ar bith níos mó ná £105m a chailleadh sa bhliain, ach tugadh le fios gur chaill an club, atá lonnaithe i Learpholl, beagnach £400m le linn trí bliana. Is é seo an pionós is airde a gearradh ar chlub sa tsraith, ach thiocfadh leis an scéal dul in olcas dóibh mar tá clubanna eile ag bagairt cás dlí a thabhairt ina n-éadan, ós rud é gur cuireadh síos i sraith níos ísle iadsan sa tréimhse chéanna, agus Everton ag fanacht sa phríomhshraith. Cuireadh níos mó ná céad sárú ar na rialacha i leith Manchester City ach níl fíorasc tugtha go fóill. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

coireanna stairiúla - historic crimes

an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta - the transatlantic slave trade

príosún saoil - life sentence

foréigean in aghaidh ban - violence against women

cothromaíocht airgeadais - financial fair play

príomhshraith - premier league


Nov 18, 202305:13
11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hionsaithe an mhí seo caite, 4,000 páistí san áireamh. Deir na Naisiúin Aontaithe go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann. Deirtear gurb é seo an feachtas buamála is faide ar cheantar a bhfuil daoine ina gcónaí ann sa stair. Deir údaráis Iosrael nach gcuirfidh siad stop leis an bhfeachtas go dtí go ligfear saor na gialla atá ag Hamas. Tá taispeántais dlúthpháirtíochta don Phalaistín ag leanúint ar aghaidh in a lán tíortha, agus agóideoirí ag lorg sos cogaidh.
Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. Leanann an obair chun an chartlann a dhigitiú ina hiomláine. Baineann na míreanna le gníomhaíocht agus feachtasaíocht na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893 anuas go casadh na mílaoise. Lena chois sin tá roinnt mhór foinsí sa chartlann a bhaineann leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann le linn an chéid roimhe. Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil siad bródúil go bhfuil an bailiúcháin acu, rud a chuireann leis an mbailiúcháin digiteach ollmhór d'fhoinsí stairiúla Gaeilge, cultúir, béaloidis srl. a bhí acu roimhe.
Chonacthas na Gealáin Thuaidh, nó Aurora Borealis, sa spéir os cionn Éireann ag tús na seachtaine. Eachtra annamh é iad a fheiceáil in Éirinn, rud a chur sceitimíní ar réalteolaithe idir ghairmiúil agus amaitéarach. De ghnáth ní bheadh na Gealáin le feiceáil ó theas Dhún na nGall ach chonacthas iad i gCorcaigh an tseachtain seo. Den chuid is mó bhí siad infheicthe leis an tsúil ach d'éirigh  le daoine grianghraif áille a thógáil, agus iad ag úsáid nochtadh fada chun solas atá infheicthe don tsúil a ghabháil. Don tsúil, ní ach solas doiléire ar fhíor na spéire a bhí le feiceáil. Tá roinnt mhór grianghníomhaíochta, an feiniméan a chruthaíonn na Gealáin, ar siúl faoi láthair. Tá súil ag saineolaithe go mbeidh roinnt deiseanna eile againn iad a fheiceaíl ó Éirinn arís le linn na bliana atá romhainn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

giall - hostage

sos cogaidh - ceasefire

feachtasaíocht - campaigning

casadh na mílaoise - turn of the millennium

infheicthe leis an tsúil - visible to the eye

grianghníomhaíocht - solar activity

Nov 11, 202304:54
4 Samhain 2023 (An Dún)

4 Samhain 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna.

Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, comhairlí contae, ollscoileanna agus scoileanna. Beidh teidil roimh ainm duine roghnach fosta agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí, agus ceadófar “ainmneacha áitiúla” nó leasainmneacha a “idirdhealaíonn iad agus daoine aonair eile a bhfuil an t-ainm céanna orthu sa cheantar”. Tagann an fógra mar leasú ar an reachtaíocht atá thar téarma ach tá fáilte mhór roimhe. “Ba í seo an tsaincheist ar a bhfuair m’oifig an líon ba mhó gearán ina stair,” a dúirt Órla de Búrca ón rannóg gearán.


Bhí Iúr Cinn Trá i gContae an Dúin tumtha in uisce tuilte nuair a phléasc canáil na cathrach a bruacha i measc báisteach throm thar oíche Dé Luain. Bhí na mílte gnóthas gafa sna tuilte, agus rinneadh damáiste forleathan d’fhoirgnimh, d’fheistis agus do stoc. Thug póilíní rabhadh do dhaoine fanacht amach as lár na cathrach agus tá na mílte málaí gainimh cruachta ar an chanáil chun iarracht a dhéanamh stop a chur le sruth i measc eagla roimh sháruithe breise. Thit píosa de bhallaí na canála isteach san uisce agus tá imní ar na húdaráis go bhféadfadh níos mó codanna éirí as sna laethanta amach romhainn. Bhuail an bháisteach ceantair eile in oirthuaisceart oileán na hÉireann go dona fosta thar oíche, agus tithe faoi uisce i gCamloch i gContae Ard Mhacha agus sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin. Chuir tuilte isteach ar an phríomh-mhótarbhealach agus ar an líne traenach a nascann Béal Feirste agus Baile Átha Cliath Dé Máirt, rud a chuir isteach go mór ar thaistealaithe trasteorann.

D’iarr peileadóir Learphoill Luis Diaz go scaoilfí saor a athair, ag tathant ar na fuadaitheóirí “é a shaoradh anois”. Bhí tuismitheoirí na réalta ag stáisiún peitril i mbaile Barrancas, in aice le teorainn na Colóime le Veiniséala, Dé Sathairn nuair a d’fhuadaigh fir armtha iad ar ghluaisrothair. Tarrtháladh máthair s'aige laistigh d'uaireanta an chloig i ndiaidh blocanna bóthair a bhunú - ach leanann an cuardach ar a athair Luis Manuel Diaz. D'eisigh an peileadóir an achainí trí phostáil Instagram oíche Dé Máirt - agus a mháthair agus baill eile den teaghlach ag glacadh páirt i bhfaireachán ag iarraidh go scaoilfí saor a ngaol. Tá patróil aer agus talún na bpóilíní ag cuardach foraoise i dtuaisceart na Colóime i measc eagla atá ag méadú go bhféadfadh athair Diaz a bheith smuigleáilte trasna na teorann isteach i Veiniséala.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

reachtaíocht - legislation

thar téarma - overdue

málaí gainimh - sandbags

oirthuaisceart - the north-east

fuadaitheóirí - kidnappers

achainí - appeal

Nov 04, 202305:25
28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a bhuachan don cheathrú uair. Don Afraic Theas, is é seo an ceathrú uair dóibh áit sa Chluiche Ceannais a bhaint amach agus an cúigiú uair don Nua-Shéalainn. Baineadh cor coise astu i rith an chomórtais nuair a chaill an Nua-Shéalainn i gcoinne na Fraince agus chaill an Afraic Theas i gcoinne Éireann ach thángadar chucu féin go láidir arís.

Leis an gcogadh ag tarlú sa Mheánoirthear idir Iosrael agus Hamas, dhein arm Iosrael an darna ruathar isteach go Gaza. Deirtear go bhfuil arm Iosrael ag ullmhú chun ionradh a dhéanamh ar réigiún atá faoi riail Hamas. Bhuail saighdiúirí coise agus aonaid innealtóireachta targaidí thar oíche in oirthear na cathrach. Deir údaráis Gaza go bhfuil os cionn 7,300 duine tar éis bás a fháil ó thosaigh an cogadh. Deir rialtas Iosrael gur maraíodh níos mó ná 1400 duine nuair a dhein Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael agus iad ag marú sibhialtach cóngarach don teorainn. Ceaptar go bhfuil 224 Iosraelach á choimeád i ngéibheann istigh in Gaza. Theith os cionn milliún Palaistíneach go dtí deisceart an stráice faoi ordú arm Iosrael. Agus na daoine sin atá sáinnithe i réigiún atá measartha beag tá eagla ann go mbeidh géarchéim dhaonnúil ann mar níl aon leictreachas nó uisce reatha ar fáil agus tá an bia ídithe i gcaitheamh na n-uaireanta.

Tharla rud neamhghnách in Uisceadán Acla i gContae Maigh Eo. Bhí gliomach ailbíneach neamhchoitianta a d’athraigh ó bhán go gorm. Tá cónaí ar an ngliomach san uisceadán ó fuarthas é amach ón gcósta sé bliana ó shin. Tá cáil ar an ngliomach le turasóirí ag teacht chun féachaint air. Ainmníodh é Charlie i ndiaidh an iascaire Charlie O’Malley a rug air amuigh ó chósta Acla sa bhliain 2017. Le ceithre bliana anuas tá dath gorm ag teacht air. Ní mhaireann gliomaigh ailbíneacha ach idir trí agus cúig bliana mar feiceann creachadóirí go héasca iad. Deir Kevin Garvin a oibríonn san Uisceadán go raibh Charlie ina ghliomach fásta nuair a rugadh air agus mar sin bheadh sé ceithre bliana d’aois anois. De réir mar atá sé ag fás, gach 12 go 14 mí, cuireann sé a bhlaosc. Ansin tagann dath gorm níos láidre air. Dúirt tréidlianna a tháinig ar chuairt chun féachaint air go bhfuil sé an-neamhghnách go dtarlaíonn sé seo do ghliomach ailbíneach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

thug siad na cosa leo - they weathered the storm

cor coise - setback

ionradh - invasion

géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis

gliomach ailbíneach - albino lobster

uisceadán - aquarium


Oct 28, 202306:50
21 Deireadh Fómhair 2023 (Dún na nGall) - téic 2

21 Deireadh Fómhair 2023 (Dún na nGall) - téic 2

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt an uachtaráin Mheiriceánaigh, Joseph Biden, Dé Céadaoin, d’fhógair Iosrael go ligfí soláthairtí daonnúla isteach go Stráice Gaza - go sonrach bia, uisce, agus leigheas don phobal sibhialtach. 

Le linn na seachtaine, tháinig Stoirm Babet go hÉirinn agus go dtí an Ríocht Aontaithe. Tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt an Garda Síochána nárbh fhéidir le trácht bealach a dhéanamh trí cheantar Mhainistir na Corann, mar gheall ar an drochaimsir leanúnach. D’eisigh Met Éireann fógra buí do gach ceantar in Éirinn. In Albain, thug Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba rabhadh go raibh léibhéail fearthainne le teacht nach bhfacthas riamh in oirthuaisceart na hAlban, agus “go gcuirfí isteach go mór ar shaol an phobail agus go mbeadh contúirt an tsaoil ann” de bharr na dtuilte. 

Tá an fómhar buailte linn agus tá sraitheanna úra le feiceáil ar ár scáileáin. Ar Virgin Media na hÉireann, féadtar an tsraith “Grá ar an Trá” a fheiceáil, ina dtugtar a ndúshlán do dhaoine singile an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, díriú ar an ghrá, agus coróin na lánúine is fearr a bhaint amach. Agus ar an BBC, tá sraith sé chuid darb ainm “Bog Amach” le feiceáil, ina nglacann an láithreoir, Emer Mhic an Fhailí, sé lánúin agus theaghlach chuig áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, agus iad sa tóir ar theach úr. Ar TG4.ie, tá sraith taistil nua de chuid Hector Ó hEochagáin ar fáil, ina dtéann an láithreoir “ó na hOileáin Filipíníneacha go hOileáin Sholaimh”. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

buille aeir d’aon turas - deliberate air strike

soláthairtí daonnúla - humanitarian provisions

Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba / Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na hAlban - Scottish Environment Protection Agency

léibhéail fearthainne - rain levels

lánúin - (romantic) couple

Oileáin Sholaimh - the Solomon Islands


Oct 22, 202304:55
14 Deireadh Fómhair 2023 (Maigh Eo)

14 Deireadh Fómhair 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea iad an tromlach mór de na mairbh, le roinnt páistí agus seandaoine ina measc, agus níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil. Dúirt Fórsaí Cosanta Iosrael gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí. Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus d’fhógair siad léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear. Agus é seo á scríobh, bhí níos mó ná míle Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sa fhrithionsaí a rinne aerfhórsa Iosrael, agus bhí arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún.

In Éirinn, fógraíodh Buiséad 2024 Dé Máirt. I measc na mbeart, bunaíodh ciste bonneagair, aeráide agus nádúir, a bhfuil ar intinn ag an rialtas a mhaoiniú go bliantiúil le dhá bhilliún Euro go ceann seacht mbliana. Tá an ciste ann chun infheistiú a dhéanamh ar bhonneagar glas an stáit, agus bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim chomhshaoil, tar éis an Mheán Fómhair is teo riamh ó thús staire ar fud an domhain.

Tá foireann rugbaí na hÉireann ag fáil réidh lena cluiche ceathrú ceannais sa Chorn Domhanda, i gcoinne Lán Dubha na Nua-Shéalainne. Ní dheachaigh aon fhoireann Éireannach níos faide ná an cluiche ceathrú ceannais riamh, acht an babhta seo, tá Éire ar bharr an rangaithe domhanda oifigiúil, tar éis sé bhua dhéag i mórchluichí i ndiaidh a chéile. Níor bhuaigh Éire i gcoinne na Nua-Shéalainne ar chor ar bith go dtí gur thug siad an lá leo i bPáirc an tSaighdiúra i Chicago in 2016; acht ón lá sin, bhuaigh Éire cúig as an ocht gcluiche a imríodh eatarthu. Ina measc, bhí bua i sraith mórchluichí sa Nua-Shéalainn féin. Rachaidh captaen na hÉireann, Johnny Sexton, ar scor ón rugbaí tar éis an chomórtais; agus beidh muintir na hÉireann uilig ag súil go dtreoróidh sé an fhoireann go bua stairiúil anocht i bPáras. Éire abú!

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

frithionsaí, frithbheart - counter-attack, counter-measure

léigear - siege

ciste - fund

bonneagar - infrastructure

rangú domhanda oifigiúil - official world ranking

bua - victory

Oct 14, 202305:22
7 Deireadh Fómhair 2023 (Baile Átha Cliath)

7 Deireadh Fómhair 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

 

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an scríbhneoir agus drámadóir Ioruach, Jon Fosse. Scríbhneoir bisiúil é Fosse a bhfuil thart ar 40 dráma foilsithe aige, chomh maith le húrscéalta, filíocht, aistí, leabhair do pháistí agus saothair aistriúcháin, agus tá cáil air le fada an lá as an úsáid nuálach a bhain sé as teanga agus as an turgnamh foirmiúil. Bronntar an Duais Nobel mar aitheantas ar shaothar iomlán an scríbhneora agus glactar leis mar an duais is tábhachtaí sa litríocht. Ina theannta sin tagann sé seo le dámhachtain de 11 milliún krona Sualannacha.

 

Beidh Corn an Domhain Sacair ar siúl i sé thír ar thrí mhór-roinn sa bhliain 2030. Ar an gCéadaoin, cheadaigh comhairle rialaithe FIFA athrú ar an bhformáid thraidisiúnta ar ócáid chomóradh céad bliain an chomórtais. De réir an tsocraithe neamhghnách seo, beidh trí thír i Meiriceá Theas - an Airgintín, Paragua agus Uragua - mar óstach ar chluiche oscailte amháin. Beidh an chuid eile den chomórtas ar siúl ansin sa Spáinn, sa Phortaingéil agus i Maracó. Reáchtáladh an chéad Chorn Domhanda in 1930 in Uragua, agus bhí an bua ag an tír óstach. Ó shin i leith tá sé ar cheann de na himeachtaí spóirt is luachmhaire agus is mó faire ar domhan.

 

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Kevin McCarthy curtha as oifig mar chainteoir i dTeach na nIonadaithe. Is é an chéad cheannaire i stair sheomra íochtair Chomhdháil na Stát Aontaithe a baineadh den phost. Tharla an vóta drámatúil 216 go 210 tráthnóna Dé Máirt agus vótáil ochtar Poblachtánach ón eite fhíordheis den pháirtí i gcoinne cheannaire a bpáirtí. Níl aon chomharba soiléir fós le teacht in ionad McCarthy ach tá an t-iarUachtarán faoi bhrú Donald Trump tar éis a chuid tacaíochta a thabhairt do Jim Jordan, fearr a mheastar le bheith ar dhuine de na polaiteoirí is coimeádaí sa Chomhdháil. Beidh ar an gComhdháil cainteoir a cheapadh roimh an 17ú de mhí na Samhna chun dúnadh féideartha eile an rialtais a sheachaint.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

turgnamh foirmiúil - formal experiment

dámhachtain - award

comóradh céad bliain - hundred year anniversary

tír óstach - host country

Teach na nIonadaithe - the House of Representatives

Comhdháil na Stát Aontaithe - United States Congress

Oct 08, 202304:44
30 Meán Fómhair 2023 (Luimneach)

30 Meán Fómhair 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an tríochadú lá de mhi Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó aon mhíle dhéag scríbhneoir, lena n-áirítear picéid stiúideonna, mar shampla oifigí Netflix in Los Angeles. D’eisigh Joe Biden ráiteas faoi dheireadh na stailce agus mhol sé cumhacht na cómhargála. Áirítear sa chomhaontú clásail a bhaineann le pá agus sochair chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil chomh tipiciúil amhail intleacht shaorga. Agus deireadh leis an stailc, beifear ag súil go bhfillfidh seónna ar scáileáin teilifíse, agus táthar ag súil go bhfillfidh roinnt de na seónna cainte beo Meiriceánacha is mó, lena n-áirítear The Tonight Show, i mí Dheireadh Fómhair. Seans go dtógfaidh sé tamall níos faide ar sheónna eile ar nós drámaí teilifíse agus coiméide filleadh ós rud é go bhfuil aisteoirí sna seónna sin atá fós ar stailc. Rinne ceardchumainn ceangailte eile, lena n-áirítear ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar thaibheoirí agus ar chraoltóirí, tráchtaireacht ar an toradh agus bhí siad dearfach faoi thorthaí a gcuid caibidlíochta féin.

Gabhadh an méid drugaí is mó riamh in Éirinn, dar luach céad caoga seacht milliún euro, i gCorcaigh an tseachtain seo. Bhí cúinsí na gabhála an-neamhghnách - chuaigh bád iascaireachta a bhí chun na drugaí a bhailiú i dtalamh ar bhruach gainimh amach ó chósta na hAbhann Duibhe i gContae Loch Garman, agus tarrtháladh beirt fhear ón mbád. Ansin, thuirling héileacaptair arm na hÉireann ar long Panamach i gCuan Chorcaí Dé Máirt. Bhí an bád seo tar éis trioblóid innill a bheith aige agus gortaíodh scipéir an bháid sular bhain sé Corcaigh amach. Tá sé ráite gur cairtéal foréigneach Mheiriceá Theas a sholáthair na drugaí ach tá sé ráite ag údaráis go bhféadfadh go raibh baint ag “roinnt grúpaí éagsúla” in Éirinn leis. Gabhadh seachtar fear as tíortha éagsúla maidir leis an ngabháil. Dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána nach raibh na drugaí ar fad i ndán do mhargadh na hÉireann, cé go raibh siad á dtabhairt go hÉirinn ar dtús.

Bhris an reathaí ón Aetóip Tigst Assefa curiarracht dhomhanda do mharatón na mban is gasta, ag Maratón Bheirlín an deireadh seachtaine seo caite. Chríochnaigh sí an rása dhá nóiméad ní ba thapa ná an churiarracht a bhí ann roimhe seo, a shocraigh Brigid Kosgei ón gCéinia sa bhliain fiche is a naoi déag. Is é dhá uair an chloig, aon nóiméad déag agus caoga trí soicind an churiarracht nua. Dúirt Assefa gur rith sí maratón den chéad uair anuraidh, agus go raibh ionadh uirthi gur sháraigh sí an churiarracht chomh luath. Ag an deireadh seachtaine freisin bhuaigh an Céiniach Eliud Kipchoge, sealbhóir churiarracht dhomhanda na bhfear, an maratón den chúigiú huair as a chéile. Tá an churiarracht dhomhanda ag Kipchoge le dhá uair an chloig, nóiméad amháin agus naoi soicind ach bhí sé ag súil lena chuid ama a shárú, ag rá ina dhiaidh sin, “Níor chuaigh sé mar a bhíothas ag súil leis ach sin mar atá spórt”.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá - Writers' Guild of America

cumhacht na cómhargála - the power of collective bargaining

bruach gainimh - sandbank

cairtéal foréigneach - violent cartel

Céineach - Kenyan

sealbhóir - holder

Sep 30, 202307:11
23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)

23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach san
áireamh. Maíodh gur tharla na heachtraí idir 2006 agus 2013 nuair a bhí Brand in ard a réime. Baineann na heachtraí le ceathrar ban, agus bhí ceann acu sé bliana déag d’aois ag an am. Séanann Brand gach líomhain agus lean sé ar aghaidh le gig ag an deireadh seachtaine, ach tá na gigeanna go léir eile dá chuid curtha ar ceal anois, agus d'fhógair YouTube nach bhfaigheadh sé airgead ó na fógraí ar a chainéal ar an ardán sruthaithe.


Tá an craoltóir le Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt in aois a thrí bliana is caoga, tar éis tinneas fada. Rugadh i gCorcaigh é ach bhog sé go Gaoth Dobhair i nDún na nGall lena theaghlach nuair a bhí sé an óg. Tógadh le Gaeilgeé agus bhí an-dúil aige sa teanga. Tar éis na méanscoile, thosaigh Rónán cúrsa iriseoireachta i mBaile Átha Cliath agus tamall beag ina dhiaidh sin bhí sé ag obair le roinnt stáisiúin raidió neamhdhleathach sa chathair. Thosaigh sé ag obair do Raidió na Gaeltachta in 1993 agus ó 1997 thug sé faoin gclár a raibh an-tóir air, Rónán Beo. Chomh maith lena chlár raidió, dhein Rónán cláir theilifíse do RTÉ agus do TG4 agus bhí sé gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe maidir le cearta teanga ó thuaidh. Fágann sé a bhean chéile Bernie agus a n-iníon
Fionnuala ina dhiaidh.


Tá leabhar nua foilsithe ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta do pháistí sa Ghaeltacht agus do pháistí ón Úcráin atá ag freastal ar scoil sa Ghaeltacht chomh maith. Is é Spraoi nó заба́ва (zabáva) an teideal atá ar an leabhar. Tá liostaí focal agus frásaí Gaeilge aistrithe go hÚcráinis sa leabhar agus tá sé mar sprioc ag an eagraíocht páistí ón Úcráin a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim trí chleachtaí spraíúla. Dhein Nadia Dobrianska na haistriúcháin sa leabhar – is as an Úcráin í ach tá Gaeilge líofa aici chomh maith. Tháinig Nadia go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fuirseoir - comedian

éigniú - rape

líomhain - allegation

raidió neamhdhleathach - pirate radio

eagraíocht - organisation

aistriúchán - translation

Sep 23, 202305:15
16 Meán Fómhair 2023 (Tír Eoghain)

16 Meán Fómhair 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ansin, taifeadadh an cioclón ba mharfaí riamh sa Mheánmhuir, Stoirm Daniel. Bhí tuilte in a lán tíortha sa réigiún ach tharla an tubaiste ba mheasa sa Libia nuair a cailleadh níos mó ná 10,000 duine sa chathair Derna ar chósta thoir na tíre. Tá géarchéim dhaonnúil ar siúl anois, agus an chathair druidte roimh shibhialtaigh ar eagla go scaipfí galar trí uisce éilithe. Tá seirbhísí éigeandála fós ag cuardach daoine a tháinig slán as an tubaiste.

Tá Ceannaire Uachtarach na Cóire Thuaidh, Kim Jong-un, ar cuairt sa Rúis. Creidtear gur mhaith leis an Chreimil airm a cheannach don chogadh san Úcráin. Thaistil Kim Jong-un ar thraein speisialta philéardhíonach agus thug ceannairí an dá thír gunnaí dá chéile, mar aon le bronntanais eile, ar cruinniú mullaigh Dé Céadaoin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go gcuideodh an Rúis leis an Chóiré Thuaidh maidir le teicneolaíocht satailíte, rud a sháródh roinnt rún ó Chomhaile Slándála na Náisiún Aontaithe. Meastar go bhfuil 'cultas pearsan' ar siúl sa Chóiré Thuaidh, agus brú ar an phobal ollmheas a léiriú don Cheannaire Uachtarach agus na Ceananairí a tháinig roimhe: a athair, Kim Jong-il, agus a sheanathair, Kim Il-sung.

Chuir foireann na hÉireann tús maith le Corn an Domhain sa Rugbaí an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair siad an bua ba mhó riamh ag Éirinn sa chomórtas seo. Scóráil an Rómáin úd go luath sa chéad leath ach d'fhreagair foireann na hÉireann le dhá úd déag; 82 pointe in aghaidh 8 bpointe an scór ag an deireadh. Fuair Johnny Sexton féin 24 phointe sa chluiche, agus anois tá níos mó pointí scóráilte aige ag Corn an Domhain ná aon imreoir Éireannach eile. Tá Sexton 38 mbliana d'aois, agus é ag teacht i dtreo dheireadh a ghairme imeartha, ach táthar ag súil go gcuideoidh sé le hÉirinn éacht a dhéanamh sa chomórtas seo. Tá Éire chun imeacht in aghaidh Tonga anocht, oíche Dé Sathairn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodcraolta.

*

GLUAIS

scála déine Mercalli - Mercalli intensity scale

géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis

uisce éilithe - contaminated water

ar thraein speisialta philéardhíonach - on a special bulletproof train

roinnt rún ó Chomhaile Slándála na Náisiún Aontaithe - a number of UN Security Council resolutions

úd - try (rugby)

Sep 16, 202305:10
9 Meán Fómhair 2023 (Ard Mhacha)

9 Meán Fómhair 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. 

Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, 24 níos mó san achar céanna anuraidh. Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag déanamh imscrúdú ar na teorainneacha luais faoi láthair agus tuigtear go n-ísleofar an teorainn luais ar bhóithre náisiúnta. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre go bhfuil "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorpa cailín óig, ocht mbliana d’aois, a bádh agus í ag snámh amach ón trá i mBaile Mhontáin i gContae Chorcaí. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tar éis don chailín dul i gcontúirt san uisce agus chuaigh siad i mbun a cuardaigh. Tuigtear go raibh an cailín beag ina cónaí agus ag freastal ar scoil sa cheantar, Scoil Náisiúnta Theampall Bríde i mBun an Tábhairne. Dúirt Easpag Chorcaí go bhfuil pobal na scoile agus an pharóiste áitiuíl “croíbhriste” ar son an teaghlaigh. Tharla an tragóid le linn tréimhse ina raibh an aimsir an-te ar fad, agus teochtanna go hard sna fichidí in áiteanna áirithe. Is cosúil go bhfuil an teocht ag ísliú amach anseo.

Tá an Tánaiste Micheál Martin in Iosrael agus bhuail sé le Príomh-aire Benjamin Netanyahu in Iarúsailéim. Dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe nach bhfuil aon chosúlacht air go mbeidh aon athrú ar an treo atá faoin choimhlint idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh. Dúirt Micheál Martin gur thug sé le fios go raibh Éire i gcoinne na lonnaíochtaí mídhleachacha atá á dtógáil ag na hIosraelaigh ar thalamh na bPalaistíneach. Tá an Tánaiste ar cuairt oifigiúil ar an cheantar agus beidh sé sa Bhruach Thiar, áit a mbeidh cruinniú aige le hUachtarán Údarás na Palaistíne Mahmoud Abbas agus beidh sé ag taisteal go dtí an Iordáin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

luasteorainn - speed limit

príomhfheidhmeannach - chief executive

scrúdú iarbháis - autopsy

seirbhísí éigeandála - emergency services

lonnaíochtaí mídhleachacha - illegal settlements

an Bruach Thiar - the West Bank

Sep 09, 202304:58
2 Meán Fómhair 2023 (Ciarraí)

2 Meán Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhí fadhbanna teicniúla ag rialtóir aerthráchta sa Bhreatain a chur isteach ar eitiltí isteach agus amach ón tír. Tá na mílte daoine sáinnithe faoi láthair sa Bhreatain agus thar lear a bhí imithe ar laethanta saoire nó ag iarraidh teacht abhaile. Chuir na seirbhísí aerthráchta teorainn leis an méid eitleán ábalta leaindeáil in aerfoirt timpeall na Breataine agus chuireadar na céadta eitilt ar ceal. Cé gur socróidh an fhadhb tar éis cúpla uair a' chloig, ceaptar go mbeidh cúpla lá ann sula mbeidh seirbhísí ar ais i gceart arís. Dúirt bainisteoir oibríochtaí NATS an Rialtóir Aerthráchta Naisiúnta go mbeidh tamall eile ann go mbeidh eitiltí ar ais mar is gnách. Dúirt ceannasaí NATS gur tharla sé seo mar gur seoladh plean eitilte isteach nach raibh an córas ábalta próiseáil. Beidh an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta ag déanamh imscrúdú ar an eachtra seo.
Tá aighneas ar siúl sa Spáinn faoi láthair faoin méid a thit amach nuair a bhuaigh foireann ban na Spáinne an Corn Domhanda. Le linn an tsearmanais bhronnta, phóg Uachtarán Chónaidhm Peile na Spáine Luis Rubiales an peileadóir Jennifer Hermoso ar a béal. Dúirt an tUachtarán gur dhein sé botún ach go raibh an phóg comhthoiliúil. Dúirt Hermoso nár thug sí cead dó í a phógadh agus gur bhraith sí gur deineadh sarú uirthi. Deir Rubiales go bhfuil Hermoso ag insint bréige agus leis sin go mbeidh an Chónaidhm ag cur cás dlí ina leith. D’fhógair foireann ban na Spáinne ná imreoidh siad aon chluiche go dtí go mbeidh Rubiales imithe as a phost. Ansin, cuireadh an tUachtarán ar fionraí go ceann 90 lá. Bhí cruinniú ag Uachtaráin Reigiúnacha an RFEF agus teastaíonn uathu go n-eireoidh Rubiales as a phost go luath. Tá siad ag iarraidh athstruchtúrú a chur i bhfeidhm chun postanna straitéiseacha nua a chruthú san eagraíocht.

Tháinig 200 duine le chéile chun dul sa tóir ar Ollphéist Loch Nis san Albain. Ceaptar go bhfuil cónaí ar an Ollphéist, ar a dtugtar Nessie uaireanta, istigh sa loch. Ní raibh a leithéid de chruinniú ann le caoga bliain. Bhí báid ag dul ar feadh an lae timpeall an locha le oibrithe deonacha ag faire amach don Ollphéist. Tháinig sealgairí le gléasanna sonóra chun mapáil a dhéanamh ar ghrinneall an locha agus dream eile le trealamh íomháithe theirmigh chun scanadh a dhéanamh ar an dromchla. Dúirt Alan McKenna go raibh sé ar bhád a bhí ag úsáid córas hidreafóin, saghas micreafóin faoin uisce.  Chualadar ceithre ghlór shuaithinseacha ón loch nách raibh a fhios acu cén áit ar tháinig siad as. Bhí daoine ábalta féachaint ar bheoshruthú de. Tháinig cuairteoirí ó thimpeall na cruinne chun a bheith i láthair. Ceapann bainisteoir Ionad Loch Nis Paul Nixon, go bhfuil rud éigin i bhfolach ar ghrinneall an locha.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

rialtóir aerthráchta - air traffic controller

bainisteoir oibríochtaí - operations manager

comhthoiliúil - consensual

ar fionraí - on suspension

gléasanna sonóra - sonar devices

trealamh íomháithe theirmigh - thermal imaging equipment

Sep 02, 202306:13
26 Lúnasa 2023 (An Dún)

26 Lúnasa 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhromchla na gealaí a measadh go raibh cráitéir dhoimhne ann agus oighear uisce iontu. Chuaigh sé i dteagmháil le dromchla na gealaí sé seachtaine i ndiaidh dó a bheith seolta ar bord roicéid ó spásphort in Andhra Pradesh. Bhí gártha agus bualadh bos ó rialú misin ag Ionad Spáis Satish Dhawan tar éis na tuirlingthe rathúla. Chuaigh an Príomh-Aire Narendra Modi isteach i nglao comhdhála ag an ionad spáis chun féachaint ar an tuirlingt, agus chroith sé bratach na hIndia nuair a d'éirigh leis an tuirlingt. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil - agus an misean ag déanamh na bunoibre fá choinne bunáit bhuan amach anseo.

Fuair beirt fhear bás agus iad san iomaíocht i gcomórtas IronMan i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo caite. Chuaigh na fir, a bhí sna 40í agus sna 60í, i dtrioblóid in eachtraí ar leith le linn na céime snámha den rás in Eochaill, Co. Chorcaí. Bhain na seirbhísí éigeandála amach as an uisce iad ach fógraíodh go raibh siad marbh díreach ina dhiaidh. Cuireadh an t-imeacht siar ón Satharn mar gheall ar thuilte agus drochchoinníollacha cúrsaí i ndiaidh stoirme. Gearradh an snámh ó 3.8km go 1.9km cheana féin de bharr drochaimsire, ach lean an rás ar aghaidh agus ligeadh d’iomaitheoirí críochnú in ainneoin na tragóide dúbailte sa chéad chuid den rás. Tá naimhdeas anois idir lucht eagraithe áitiúil IronMan agus Triathalon Ireland, an comhlacht rialaithe do rásaí agus comórtais dá leithéid in Éirinn faoi cén uair a tugadh fógra gan dul ar aghaidh leis an rás.

Deir Conradh na Gaeilge gur chóir a chinntiú sa bhuiséad nach mbeidh an bochtanas ina bhac ar aon duine óg atá ag iarraidh freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta. Tá an eagraíocht teanga ag éileamh ar an rialtas suas le €10 milliún breise a chaitheamh ar scéimeanna chun scoláireachtaí a chur ar fáil do scoláirí le freastal ar choláistí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh aon pháiste ar mhaith leo freastal ar an Ghaeltacht in ann sin a dhéanamh. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta €400,000 ar fáil chun 400 scoláireacht a sholáthar do pháistí in iar-bhunscoileanna chun deis a thabhairt dóibh dul go dtí an Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Ach tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfar méadú suntasach ar an infheistíocht sin. Agus an rialtas ag ullmhú do Bhuiséad 2024, deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur anois an t-am lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread páistí agus is féidir freastal ar choláiste Gaeilge, go háirithe páistí atá faoi dhrochchoinníollacha sóisialta. Deirtear go minic go bhfuil an costas a bhaineann le páiste a chur chuig coláiste samhraidh sa Ghaeltacht, a mbíonn táille suas le €1,000 ag baint leis, ina bhac ar go leor teaghlach ar fud na tíre.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

spásárthach - spacecraft

pol theas na gealaí - the south pole of the moon

bunáit bhuan - permanent base

naimhdeas - hostility

lucht eagraithe áitiúil - local organisers

bochtanas - poverty


Aug 26, 202306:13
19 Lúnasa 2023 (Tiobraid Árann)

19 Lúnasa 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an naoú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éirinn. Tá 80% de dhaoine níos sine ná 40 ina n-úinéir tí ach níl ach timpeall 30% de dhaoine faoi 40 ina n-úinéir tí. Mhéadaigh an bhearna sin faoi dhó idir 2014 agus 2019. Agus 68% de dhaoine idir 25 agus 29 ina gcónaí lena dtuismitheoirí fós, sin ardú mór ó 45% sa bhliain 2014. Tá 89% de dhaoine idir 20 agus 24 ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Bunaíodh an tuarascáil ar shonraí ó 2019 agus deir saineolaí go bhfuil an scéal imithe in olcas ó shin amach. Fuair an tuarascáil a lán airde ar na meáin shóisialta agus daoine óga ag plé an streachailt atá acu tithíocht a fháil agus ardú rátaí eisimirce mar thoradh uirthi.

Tá Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain ar siúl i mBúdaipeist an tseachtain seo agus tá an fhoireann Éireannach is mó riamh le dul in iomaíocht i mbliana. Tá 2000 aclaí ó 200 tír i láthair, agus 24 i láthair ar son Éireann. Tá dóchas ollmhór ag Ciara Mageean ó Phort an Pheire agus Rhasidat Adeleke ó Thamhlacht bonn a thabhairt abhaile. Na haon aclaithe chun bonn a thabhairt abhaile as a bheith ag rith sna craobhchomórtais riamh ná Sonia O’Sullivan agus Eamonn Coghlan. Tá iníon O’Sullivan, Sophie O’Sullivan, le dul in iomaíocht sa rás 1500m i mbliana.

Tharla falscaithe uafásacha in Maui i Haváí, inár maraíodh níos mó ná 100 duine, agus cuireadh na mílte duine as a dtithe. Is í seo an fhalscaí is marfaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá le céad bliain. Tá comhraiceoirí dóiteáin fós ag iarraidh an tine a cheansú ach tá an chuid is mó acu faoi smacht anois. Bhí falscaithe ar an Oileán Mór freisin ach ní chreidtear go raibh aon bhásanna i gceist. Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain i mbliana agus tá imní ar shaineolaithe a deir go bhfuil na tinte seo ag tarlú mar thoradh díreach ar athrú aeráide. Bhí tinte le feiceáil sa Ghréig, in Tenerife agus i gCeanada le déanaí freisin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

úinéireacht tí - house ownership

ardú rátaí eisimirce - rise in rates of emigration

le dul in iomaíocht - to compete

aclaí - athlete

falscaithe - wildfires

teochtaí curiarrachta - record temperatures



Aug 21, 202304:14
12 Lúnasa 2023 (Dún na nGall)

12 Lúnasa 2023 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de Lúnasa 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dé Máirt, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun an t-amhránaí, Sinéad O’Connor, a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri. Rinne Ioslamaí de O’Connor in 2018 agus d’athraigh sí a hainm go Shuhada' Sadaqat, ach choinnigh léi mar cheoltóir faoina hainm breithe. Bhí clú agus cáil uirthi mar ghníomhaí agus reibiliúnach, a labhair amach in aghaidh mí-úsáide san Eaglais Chaitliceach. D’fhulaing sí roinnt deacrachtaí ina hóige, ó na meáin, agus le bhás a mic anuraidh, agus bhí deacrachtaí meabhairshláinte aici. Cuimhneofar go deo í mar dhuine ar leith a raibh guth cumhachtach aici.
I dTuaisceart Éireann, nochtadh ainmneacha agus sonraí fostaíochta póilíní agus lucht oibre de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Foilsíodh na sonraí de thaisme mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise agus earráid dhaonna gan drochrún a bhí ann. Is cúis imní í mar gheall ar bhagairt slándála ó sceimhlitheoireacht áitiúil. Ghabh an t-Ardchonstábla Cúnta, Chris Todd, leithscéalta leis an fhoireann as an sárú ar shonraí pearsanta. Ní raibh eolas ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann faoin eachtra sula chonaic siad ar líne é. Déardaoin, fógraíodh go raibh cuid de na sonraí ag easaontóirí poblachtacha agus iad á gcur timpeall ar WhatsApp.
De réir taighde a rinneadh in ollscoil in Sasana, tá madaidh rua sna cathracha níos misniúla ná madaidh rua faoin tuath, ach ní hé go bhfuil siad níos cliste. Chuir eolaithe Ollscoil Hull puzail do mhadaidh rua ar 104 suíomh i bpáirceanna, i ngairdíní cúil, agus sna coillte ar feadh coicíse agus bhí ar na madaidh rua úsáid a bhaint as meicníocht shimplí chun teacht ar an bhia taobh istigh. Bhí na madaidh rua sna cathracha ní ba shásta teagmháil a dhéanamh leis na puzail. Faoi dheireadh, níor éirigh le níos mó ná 12 madadh rua an bia a fháil óna bpuzail - ach nuair a fágadh an bia ar an talamh gan puzal, ní raibh drogall ar shionnach ar bith an bia a ithe, beag beann ar cá háit a raibh siad.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sochraid - funeral

deacrachtaí meabhairshláinte - mental health issues

iarratas saorála faisnéise - freedom of information request

easaontóirí poblachtacha - republican dissidents

madadh rua/sionnach - fox

beag beann ar - regardless of

Aug 12, 202306:06
5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)

5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cúiseanna ná comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe; comhcheilg chun bac a chur ar imeacht oifigiúil; bac a chur, agus iarracht bac a chur, ar imeacht oifigiúil; agus comhcheilg i gcoinne na gceart. D’iarr Smith ar Mheiriceánaigh an díotáil a léamh.

Tá craobhacha na hÉireann, san iománaíocht agus sa pheil, thart anois do 2023, agus bhí an dá thoradh stairiúil go leor. San iománaíocht, bhuaigh Luimneach den cheathrú huair i ndiaidh a chéile. Leis an ngaisce sin tá siad i gcomhluadar laochra is mó na hiománaíochta, foireann Chorcaí ar a raibh Christy Ring ó 1941-44 agus foireann Chill Cheannaigh ó 2006-2009. Sa pheil, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus anois tá naoi mbonn peile uile-Éireann ag triúr den fhoireann, James McCarthy, Stephen Cluxton agus Michael Fitzsimons, níos mó ná aon pheileadóir eile riamh. Tá na cluichí ceannais sa chamógaíocht agus i bpeil na mban fós le himirt.

Fós leis an spórt, i gCorn Domhanda na mBan sa pheil, tá babhta na ngrúpaí thart, agus tar éis iarracht cróga i ngrúpa deacair, d’fhill foireann na hÉireann abhaile inné. Bhí na mílte ag fanacht leo ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. I measc na bhfoirne eile atá ag dul abhaile ag an gcéim seo tá an Bhrasaíl, lena réalta Marta tar éis a cluiche dheireanaigh, ina séú Corn Domhanda, a imirt; agus an Ghearmáin, toradh nach rabhthas ag súil leis. Cé gur bhuaigh siad 6-0 ar Mharacó sa ghrúpa, rachaidh Maracó ar aghaidh ina n-áit mar gheall ar na torthaí eile.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

díotáil - indictment

cúis feileonachta - felony charge

comhcheilg - conspiracy

calaois - fraud

gaisce - feat

bonn - medal


Aug 05, 202304:35
29 Iúil 2023 (Baile Átha Cliath)

29 Iúil 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath deich n-albam stiúideo, agus ainmníodh a hamhrán Nothing Compares 2 U ar an gcéad singil domhanda in 1990 ag na Billboard Music Awards. Bhí a leagan den bhailéad, a scríobh an ceoltóir Prince, ar bharr na gcairteacha timpeall an domhain agus ghnóthaigh sí trí ainmniúchán Grammy. Labhair sí amach i gcoinne mí-úsáid ghnéis san Eaglais Chaitliceach. Agus í ag tabhairt ómóis do O'Connor, dúirt an t-amhránaí Róisín Murphy, "Leanfaidh oidhreacht Shinéad de gach rud atá álainn agus cráite faoin bhfírinne ag taispeáint an tsolais dúinn."

Thángthas ar longbhriseadh ársa Rómhánach a chreidtear a bheith níos mó ná 2,000 bliain d'aois amach ó chósta na hIodáile. Tháinig scuad póilíní Carabinieri na hIodáile (atá freagrach as oidhreacht chultúrtha na hIodáile a chosaint) ar an long lastais ar ghrinneall na farraige ag doimhneacht de thart ar 160 méadar. Bhí na céadta amphorae (cineál próca Rómhánaigh a úsáideadh chun earraí amhail fíon agus ola olóige a iompar) ar an long, a meastar a bheith níos mó ná 20 méadar ar fad.

Tá an Ghréig ag dul i ngleic leis an scrios a tharla de bharr líon mór tinte fiáine a leathnaigh trí thithe agus foraoisí a bhí triomaithe mar gheall ar na teochtaí airde an samhradh seo. Tuairiscítear go bhfuil na húdaráis ag fáil lámh in uachtar ar chuid de na tinte is measa. Ba é Dé hAoine an chéad lá nach raibh an Ghréig i “staid chriticiúil airdill”, a dúirt an tAire Géarchéime Aeráide agus Cosanta Sibhialta Vassilis Kikilias. Dúirt Kikilias freisin go mba chóir polasaithe a choigeartú ag gach leibhéal chun ullmhú don ghéarchéim aeráide. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

taibheoir - performer

mí-úsáid ghnéis - sexual abuse

longbhriseadh - shipwreck

long lastais - freight ship

tinte fiáine - wildfires

géarchéim aeráide - climate emergency

Jul 29, 202304:12
22 Iúil 2023 (Luimneach)

22 Iúil 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an dara lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin cheadúnais teilifíse le dhá mhí anuas go luach milliún euro. Dar leis, tá na himeachtaí le déanaí maidir le scannal pá RTÉ “tar éis scáth chomh dorcha a chaitheamh ar RTE”. Tá maoiniú an chraoltóra á cheistiú arís mar gheall ar thitim na n-uimhreacha, tar éis don Rialtas diúltú do mholtaí an Choimisinéara ar Thodhchaí na Meán chun bogadh go maoiniú státchiste anuraidh. Idir an dá linn sa Ríocht Aontaithe, tá sé ráite ag ardstiúrthóir an BBC go bhféadfadh an t-imscrúdú inmheánach ar Huw Edwards, leanúint ar aghaidh go dtí an fómhar. Cuireadh i leith Huw Edwards, tríocha cúig mhíle punt a íoc le duine fásta a raibh andúil i ndrugaí air as pictiúir gháirsiúla.

Bhí rialtóir cumarsáide na hÉireann, Comreg, ina ábhar d’fheachtas domhanda haiceála. Tá an feachtas nasctha le grúpa atá bunaithe sa Rúis, a bhagair go bhfoilseofaí méideanna suntasacha faisnéise goidte. Ina ról mar rialtóir, bailíonn agus coinníonn Comreg sonraí a bhaineann leis an tionscal teileachumarsáide, lena n-áirítear príomhsholáthraithe seirbhíse idirlín agus soláthraithe fón póca na tíre go léir. Tá sé ráite ag Comreg nach bhfuil faisnéis phearsanta nó rúnda tráchtála ach i gcuid bheag de na comhaid a ndeachaigh an haiceáil i bhfeidhm orthu. Bhí an grúpa i mbaol na sonraí a fhoilsiú mura bhfaigheadh siad íocaíocht faoin gceathrú lá déag de mhí an Mheithimh, rud nach bhfuil íoctha ag an rialtas, de réir a pholasaí.

Bhuail Carlos Alcaraz, atá fiche bliain d'aois, an seaimpín reatha Novak Djokovic ag Wimbledon Dé Domhnaigh. Ní raibh aon chailleadh ag Djokovic sa Chúirt Lárnach óna chluiche ceannais sa bhliain fiche trí déag in aghaidh Andy Murray. Dúirt Alcarez, arbh as an Spáinn dó, gurbh é “an tráth is sona dá shaol” é agus ghabh sé buíochas leis an slua agus le rí na Spáinne as a bheith i láthair agus as é a spreagadh chun an bua a fháil. I gcluiche ceannais na mban, ba í Marketa Vondrousova an chéad bhean neamhréimnithe a bhuaigh teideal na mban. Bhí Vondrousova sa dara háit is daichead ar domhan ach chuaigh sí ar aghaidh chun Ons Jabeur a bhualadh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceadúnas teilifíse - television licence

andúil - addiction

rialtóir cumarsáide - communications regulator

príomhsholáthraithe - main providers

seaimpín reatha - current champion

neamhréimnithe - unseeded

Jul 22, 202306:29
15 Iúil 2023 (Tír Eoghain)

15 Iúil 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail.

 

Tá sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Deir an Maorghinearál Ivan Popov gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó maraithe in ionsaithe ón Úcráin. Is cosúil gur chuir Popov na teipeanna seo i leith Valery Gerasimov, Ceannaire an Airm, agus Sergei Shoigu, Aire Cosanta na Rúise, gan a n-ainm a úsáid go neamhbhalbh. Bhí an Chreimil ag iarraidh cur in iúl go bhfuil ceannairí ar fad na tíre ina seasamh gualainn ar ghualainn i ndiaidh an mhéid a thit amach leis an eagraíocht Wagner cúpla seachtain ó shin ach is léir go bhfuil siad scoilte ar cheist ráth an chogaidh san Úcráin.

Tá ceardchumann na n-aisteoirí in Hollywood i ndiaidh gníomhaíocht thionsclaíoch a mholadh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh aisteoirí agus scríbhneoirí ar stailc ag an am chéanna den chéad uair le níos mó ná seasca bliain anuas. Tá sé ráite ag Sag-Aftra, a bhíonn ag plé le haisteoirí i scannáin, ar an teilifís agus ar an raidió, nach raibh AMPTP – comhghuaillíocht léiritheoirí teilifíse agus raidió - toilteanach a thabhairt maidir le ceisteanna atá ríthábhachtach do bhaill Sag-Aftra. Tá aisteoirí mór le rá ar son na stailce: d’impigh leithéidí Meryl Streep agus Jennifer Lawrence ar cheannairí an cheardchumainn gan géilleadh agus glacadh le drochmhargadh.

Cuirfear tús le Corn an Domhain i bpeil na mban an tseachtain seo chugainn, agus beidh foireann na hÉireann ag imirt sa chomórtas den chéad uair. Bhí na himreoirí Éireannacha chun cluiche traenála a imirt in aghaidh na Colóime Dé hAoine, ach éiríodh as an chluiche i ndiaidh fiche bomaite mar gheall ar cé chomh garbh a bhí imreoirí na foirne eile. Tá bainistíocht na hÉireann airdeallach ar chorpacmhainn na n-imreoirí, go háirithe mar tá grúpa deacair acu sa chomórtas: an Astráil, Ceanada agus an Nigéir. É sin ráite, táthar ag súil go mbeidh a lán tacaithe ag an fhoireann Éireannach i measc an phobail san Astráil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

easpa airtléire - lack of artillery

go neamhbhalbh - openly, explicitly

gníomhaíocht thionsclaíoch - industrial action

cothrom na Féinne - a fair deal

bomaite - minute

corpacmhainn - fitness

Jul 17, 202304:33
8 Iúil 2023 (Ard Mhacha)

8 Iúil 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe. Tá imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan ag na Palaistínigh agus níos mó básanna. In Iosrael sa chathair Tel Aviv thiomáin fear Palaistíneach díreach isteach i slua daoine ar an tsráid. Dúirt arm Iosrael go bhfuil an oibríocht in Jenin thart anois agus gur maraíodh saighdiúir amháin.

Dúirt an láithreoir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly go bhfuil sé sásta cuidiú a thabhairt do choiste an Oireachtais ar na Meáin Chumarsáide an tseachtain seo chugainn. Sheol siad litir chuig an choiste ach níl sé soiléir conas a thabharfaidh siad fianaise. Beidh bainistíocht RTÉ ar ais os comhair an Oireachtais an tseachtain seo chugainn i ndiaidh dó teacht chun solais go raibh níos mó “cuntais rúnda” in úsáid acu. Dúirt cathaoirleach an Choiste Niamh Smyth TD go bhfuil “an-díomá” uirthi go raibh an t-eolas a tugadh an tseachtain seo caite ag RTÉ “míchruinn”.

Tá seirbhís sláinte náisiúnta na Breataine (an NHS) ag ceiliúradh seachtó cúig bliana ar an fhód an tseachtain seo. Tá meas forleathan ag muintir na Breataine ar an eagraíocht ach ní ceiliúradh iomlán sona a bheidh ann. Tá fadhbanna móra le liostaí feithimh, folúntais foirne, gníomhaíocht thionsclaíoch agus sásamh an phobail ag titim. I rith stair an NHS d’oibrigh na mílte Éireannach in ospidéil ar fud na tíre agus sin an scéal go fóill inniu. Táthar á mhaíomh go bhfuil gá le hathrú agus infheistíocht chun é a dhéanamh oiriúnach don todhchaí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

foréigean - violence

ionradh - incursion

gníomhaire - agent

fianaise - evidence

liostaí feithimh - waiting lists

folúntais foirne - staff vacancies

gníomhaíocht thionsclaíoch - industrial action

Jul 08, 202304:42
1 Iúil 2023 (An Clár)

1 Iúil 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a bhí ar an eolas faoi na híocaíochtaí. Ach, le linn na seachtaine, d’admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar nár chreid sé an méid atá á mhaíomh ag RTÉ. Tháinig tuairim is 200 fostaí de chuid RTÉ le chéile Dé Máirt chun agóid a dhéanamh agus a gcuid feirge a léiriú mar gheall ar na híocaíochtaí ceilte. Bhí baill de Bhord RTÉ agus de Bhord Feidhmiúcháin RTÉ os comhair lucht ceistiúcháin sa Dáil agus Seanad chun ceisteanna a fhreagairt. Tar éis di an cuntas a chloisint dúirt an tAire Catherine Martin go raibhsé soiléir go raibh teip thubaisteach rialachais ag ard-leibhéail bhainistíochta san eagraíocht.

Dhein fórsaí gallóglach Wagner ceannairc Dé Sathairn i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov-ar-an-Don agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc. Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Tá Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis anois. Mhaígh sé nach raibh coup d’état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh le
ceannairí an airm a léiriú. Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí.

Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince oíche an tseachtaine seo tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel M. i gcathair Nanterre, gar do Pháras. Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Tá an póilín a scaoil an fear óg á fhiosrú anois. Tuairiscíodh clampar i gcathracha áirithe sa Fhrainc le linn na seachtaine. Cuireadh carranna agus foirgnimh trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní. Bhí an fear óg de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuireann leis an éagóir a mhothaíonn na hagóideoirí. Gabhadh na céadta duine agus cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, an foréigean.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

íocaíochtaí ceilte - secret payments

teip thubaisteach rialachais - a disastrous failure of governance

fórsaí gallóglach - mercenary forces

ceannairc - mutiny

círéibeacha - riots

tinte ealaíne - fireworks


Jul 01, 202306:15
24 Meitheamh 2023 (Ciarraí)

24 Meitheamh 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. Tá seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ag déanamh gach iarracht teacht ar an tumadóir go tapaidh mar is é 96 uair an t-uasmhéid ama a chaitheann long mar seo faoin bhfarraige, agus seans nach bhfuil ocsaigin fágtha. Dúirt garda cósta na Stát Aontaithe nach raibh aon teagmháil deánta ón tumadóir tar éis uair agus daichead cúig noiméad den turas. Is é an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions a chuireann turas mar seo ar fáil. Cosnaíonn ticéad 250,000 dollar. Reáchtálann siad turasanna go dtí dromchla na farraige chomh fada síos le ceithre mhíle méadar atá 370 míle amach ó chósta Thalamh an Éisc. 

Bhain an galfaire ó Chontae an Chabháin Leona Maguire bua amach sna Stáit Aontaithe ag comórtas Chumann Proifisiúnta Gailf na mBan a bhí ar siúl in Meijer, Michigan.  Bhí sí an-chumasach ag scoráil ceithre éinín agus iolair ag an séú poll chun deiridh, ag críochnú faoi 21. Bhí sí in iomaíocht don chéad áit le Ariya Jutanugarn ón Téalainn. Chríochnaigh Xiyu Lin ón tSín agus Amy Yang ón gCoiré Theas le chéile sa triú háit. D’imir Leona gan aon bhógaí a fháil. I mí Feabhra 2022, bhuaigh Leona craobh LPGA amach den chéad uair in Florida. Éacht stairiúil a bhí ann mar ba í an chéad bhean Éireannach riamh a bhuaigh an comórtas. Dúirt Leona go raibh sí ag imirt go maith an tseachtain seo agus dhein sí iarracht a bheith foighneach. An sprioc a bhí aici ná fanacht faoi 20 agus bhí sé sásúil ceann amháin níos fearr a fháil. Dúirt sí leis, go caithfidh tú imirt ana-mhaith anseo agus tá sé dian. Tá sé deas ceann a bhuachaint anseo go háirithe leis na mórchomórtais ag teacht. 

Aimsíodh greanadh istigh i bpluais sa Fhrainc  a rinne muintir Néandartálach caoga seacht míle bliain ó shin, dar le saineolaithe. Tá an phluais lonnaithe in La Roche-Cotard i reigiún an Loire i dTuaisceart na Fraince. Ceaptar gurb é an greanadh is sinne riamh déanta ag gaolta daonna agus tá seans ann gurb é seo an phluais is sinne sa Fhrainc agus san Eoraip. Dúirt taighdeoirí a dhein foilsiú ar na marcanna in Journal Plos One go léiríonn siad go raibh muintir Néandartálach casta agus éagsúil cosúil lenár sinsear féin. Dhein Jean-Claude Marquet ó Ollscoil Tours sa Fhrainc stáidéar ar na marcanna ar a dtugtar "cuislithe méire" in éineacht lena chomhghleacaí . Dheineadar samhail 3D de na marcanna chun comparáid a dhéanamh le marcanna daonna eile. Thángadar ar an gcinneadh go raibh na marcanna d’aon ghnó mar gheall ar na cruthanna, an spás agus an leagan amach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tumadóir - submersible

Talamh an Éisc - Newfoundland

éinín - birdie

iolar - eagle

bógaí - bogey

greanadh - engraving

pluais - cave

Jun 24, 202306:34
17 Meitheamh 2023 (Tiobraid Árann)

17 Meitheamh 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.


Fuair Christy Dignam, príomhamhránaí Aslan, bás ag aois 63 Dé Máirt, tar éis tinneas fada. D’fhás Dignam aníos i bhFionnghlas agus thosaigh sé ag seinm ceoil sna seachtóidí, leis an ngrúpa ceoltóirí a bhunaigh an banna Aslan ag tús na n-ochtóidí. Bhí rath mór orthu lena gcéad singil “This Is” agus shínigh an grúpa conradh leis an lipéad ceoil mór EMI. Bhí fadhbanna andúla ag Dignam, topaic a raibh sé an-oscailte fúithi, agus d’fhág sé Aslan ar feadh tamaill. Tháinig an banna le chéile arís sna nóchaidí agus ag an am seo scríobh siad a n-amhrán is cáiliúla, “Crazy World”. In 2013 diagnóisíodh go raibh aimileoideois ar Dignam ach lean sé leis ag seinm, idir tréimhsí drochshláinte, sna deich mbliana ina dhiaidh sin, go mí Eanair na bliana seo.  


Thaifead Donald Trump pléadáil neamhchiontach maidir le cúisimh fheidearálacha choiriúla, ina ndeirtear gur choimeád sé doiciméid slándála náisiunta tar éis a uachtaránachta. Tá cúisimh roimh shainchabhróir Trump, Walt Nauta, freisin. Seo an chéad uair riamh i stair Mheiriceá atá cúisimh fheidearálacha curtha roimh iaruachtarán. Deir saineolaí nach mbeidh an triail ar siúl go dtí an bhliain seo chugainn. Seo an dara huair atá Trump sna cúirteanna le cúpla mí anuas ach is léir nach bhfuil dochair déanta dá thacaíocht. Deir Trump go bhfuil na cúisimh éilitheach agus tá sé ag iarraidh a bheith atofa mar Uachtarán i mí na Samhna 2024.


Fuair iar-phríomhaire na hIodáile Silvio Berlusconí bás Dé Luain ag aois 86. Bhí sé ag streachailt le drochshláinte le roinnt blianta anuas. Mar sin féin, toghadh é chun an tSeanaid arís anuraidh agus lean sé leis mar cheannaire oifigiúil dá pháirtí ar an eite dheis, Forza Italia. Pearsa conspóideach a bhí in Berlusconi, agus lean scannail agus cásanna caimiléireachta agus calaoise é i gcónaí. Bhí cáil agus rachmas aige sular thosaigh sé a ghairm phoilitiúil, bhunaigh sé an comhlacht meán is mó san Iodáil. Chaith sé trí sheal ina phríomhaire, naoi mbliana san iomlán idir 1994 agus 2011. Gheall sé sláinte eacnamaíochta dá thír ach bhrúdh as an bpost é sa deireadh mar gheall ar ghéarchéim fiachais.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

príomhamhránaí - lead singer

fadhbanna andúla - addiction problems

cúisimh fheidearálacha - federal charges

sainchabhróir - aide

casanna caimiléireachta agus calaoise - corruption and fraud cases

géarchéim fiachais - debt crisis

Jun 17, 202304:56
10 Meitheamh 2023 (An Dún)

10 Meitheamh 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.


Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Bhí aer tocsaineach le brath trasna na mór-ranna ó Philadelphia ar an chósta thoir go Detroit agus Chicago san iarthar láir. Meastar gurb é seo an truailliú aeir is measa ar taifead sna Stáit Aontaithe. Cuireadh ceal ar eitiltí agus chonacthas toitcheo oráiste sa spéir dá bharr. Tá na céadta tine fós ar lasadh i gCeanada, agus níltear ag súil le fearthainn go ceann tamaill.


D’fhógair an peileadóir Airgintíneach Lionel Messi an tseachtain seo go mbeidh sé ag bogadh go Meiriceá. Tá Messi, atá ag imirt le Paris St Germain sa Fhrainc faoi láthair, le bogadh go Inter Miami, club peile ina bhfuil David Beckham ar dhuine de na húinéirí. Tháinig an nuacht aniar aduaidh ar lucht iriseoireachta na peile, a bhí ag súil go rachadh Messi go dtí an Araib Shádach, mar a rinne a sheaniomaitheoir Cristiano Ronaldo. I Londain ag an deireadh seachtaine fuair Manchester City an lámh in uachtar ar Manchester United i gcluiche ceannais an FA Cup. Ciallaíonn sé sin go mbeidh deis ag City an “treble” a fháil má bhaineann siad cluiche ceannais an Champions League inniu.


In Éirinn, tá an rialtas i ndiaidh polasaí nua a sheoladh maidir le daonra oileáin na tíre a ardú. Tá daonra na n-oileán laghdaithe mar gheall ar chúiseanna lena n-áirítear easpa fostaíochta, tithíochta agus seirbhísí, agus tá an rialtas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo chun daoine a mhealladh chuig na hoileáin arís. Tá trí oileán is fiche ó imeallbhord an iarthair idir Dún na nGall agus Corcaigh le bheith clúdaithe sa scéim. Beidh níos mó airgid ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo tithe folmha nó tréigthe a athchóiriú, agus táthar ag súil go bhforbrófar an earnáil turasóireachta ar na hoileáin fosta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

falscaithe - wildfires

toitcheo - smog

fearthainn - rain

lucht iriseoireachta na peile - football journalists

seaniomaitheoir - old rival

imeallbhord an iarthair - the western coastline

an earnáil turasóireachta - the tourism industry

Jun 10, 202303:51
3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall)

3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, de réir na tuarascála is déanaí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Léiríonn a réamh-mheastacháin is déanaí, má chuirtear gach beartas aeráide atá beartaithe faoi láthair i bhfeidhm go hiomlán, nach mbainfidh Éire ach laghdú 29% ar astuithe gáis cheaptha teasa faoi 2030, i bhfad níos lú ná an sprioc laghdaithe 51% atá ceangailteach ó thaobh dlí. Tá Éire le dul thar an dá bhuiséad carbóin don tréimhse 2021 go 2030 idir 24% agus 34% fosta.

Tá fear 48 bliain d’aois gafa ag póilíní atá ag fiosrú físeán de thiománaí tacsaí ó Bhéal Feirste a bhí ag bagairt ar phaisinéir ina ghluaisteán agus gunna nó gunna macasamhlach aige. Dúirt an PSNI go raibh sé faoi choinneáil mar gheall ar roinnt cionta. Áirítear leis na cionta seilbh arm tine nó arm tine bréige. Thaispeáin an físeán 45 soicind tiománaí ag bagairt arm tine agus ag bualadh an phaisinéara ina aghaidh, sular lean sé ag bagairt air. Tá paisinéir eile ina shuí ar chúl na feithicle. Is cosúil gur tháinig an scannán ó dashcam san fheithicil.

Tá sé ráite ag Phillip Schofield go bhfuil “gach rud caillte aige” agus nach bhfeiceann sé todhchaí dá ghairm bheatha, in agallamh mothúchánach macánta le BBC News. Dúirt Schofield go bhfuil “a ghairm bheatha thart” i ndiaidh caidreamh a bhí aige le comhghleacaí óg. Dúirt sé nach “buachaillí” iad an bheirt agus nach raibh ach cúig nó sé theagmhálacha rómánsúla acu le linn cúpla mí. Dúirt Schofield, áfach, gur “earráid thromchúiseach a bhí sa scéal”. Ardaíodh ceisteanna faoin dóigh ar láimhseáil ITV an cás fosta, maidir le cé mhéad eolas a bhí ag ceannairí an chainéil faoin scéal, agus an ndeachaigh imscrúdú an chainéil féin fada go leor. *

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

laghduithe astuithe - reductions in emissions

an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - the Environmental Protection Agency

gunna macasamhlach - replica gun

arm tine - firearm

earráid thromchúiseach - a grave mistake

imscrúdú - investigation

Jun 03, 202305:11
27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.


Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh Ciarraí sa chraobh i gCill Áirne le naoi gcluiche is tríocha, ó bhí 1995 ann, go dtí gur chuir Maigh Eo faoi smacht iad an Satharn seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh thar Thír Eoghain freisin, agus chríochnaigh Sligeach ar comhscór le Cill Dara. Tá neart cluichí le himirt an deireadh seachtaine seo, agus beidh Ros Comáin ag súil le caighdeán ard neamhbhuailte na bhfoirne Connachtacha a choimeád ar siúl, agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile Átha Cliath.


I Stáit Aontaithe Mheiriceá, chaith Ron DeSantis, gobharnóir Florida, a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránach a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk, acht do rinne fadhbanna móra teicniúla praiseach de. D’éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn. Tá leathnú cearta gunna, maoiniú a bhaint de scéimeanna éagsúlachta agus cosc ar leabhair áirithe luaite ag DeSantis mar pholasaithe dá chlár rialtais, rud a rinne laoch de i measc na gcoimeádach agus bithiúnach i measc forásaithe.


I Londain an deireadh seachtaine seo, tá an Ghaeltacht Cois Tamaise ar siúl arís. Is é an t-imeacht is mó le Conradh na Gaeilge i Londain i rith na bliana, agus thart ar caoga Gaeilgóirí ag freastal air. Thosaigh an deireadh seachtaine le PopUp Gaeltacht aréir, agus tá dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ar trí leibhéil ar an Satharn agus ar an Domhnach. Imeachtaí eile ar siúl ná ceardlann amhránaíocht ar an tsean-nós, agus siúlóid Ghaelach in Westminster.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

céim na ngrúpaí - the group stage

an lámh in uachtar - the upper hand

toghchán tosaigh - primary election

scéimeanna éagsúlachta - diversity schemes

dianchúrsaí Gaeilge - intensive courses in Irish

amhránaíocht ar an tsean-nós - sean-nós singing


May 27, 202304:41
20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.


Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D’fhógraigh an tUachtarán Gustavo Petro ar Twitter gur thángthas ar na leanaí tar éis “dianiarrachtaí cuardaigh” ag an arm, ach d'eisigh sé ráiteas eile cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ag rá nach raibh an tuairisc daingnithe. Tá níos mó ná 100 saighdiúir, trí héileacaptar agus madraí bolaíochta imscartha ag na húdaráis chun cuardach a dhéanamh ar na leanaí a bhí ag taisteal in eitleán ar an chéad lá de mhí naBealtaine, nuair a thuairt sé, agus maraíodh triúr daoine fásta ar bord. Creideann tarrthálaithe go raibh na leanaí dúchasacha —13, 9, 4 agus 11 mí d’aois—ag fánaíocht tríd an dufair i réigiún theas Caqueta ó tharla an timpiste. 


Tá Ollscoil Oxford chun an t-ainm Sackler a bhaint óna foirgnimh mar gheall ar an mbaint atá ag an teaghlach leis an ngéarchéim codlaidíneach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Agus iad ag leanúint d’institiúidí eile ar fud an domhain, chinn an ollscoil Leabharlann Sackler a athainmniú agus tá gailearaithe agus poist foirne ag Músaem Ashmolean á n-athainmniú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na naisc. Tá an teaghlach Sackler ceangailte le Purdue Pharma, déantóir an phianmhúcháin OxyContin atá buailte le cásanna dlí sna Stáit Aontaithe.


Tá imní ar Chomhairle Inimircigh na hÉireann faoi shábháilteacht iarrthóirí tearmainn tar éis ionsaí ar champa garbh sráide i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, a dúirt an Príomhfheidhmeannach. Thug Brian Killoran foláireamh go gcaithfidh gardaí agus údaráis eile díriú orthu siúd ar an eite fhíordheis atá ag iarraidh mífháisnéis a scaipeadh agus foréigean a spreagadh. De réir figiúirí oifigiúla, tá 502 teifeach ina gcodladh amuigh faoin aer. D’fhógair an tAire Lánpháirtíochta O’Gorman tráthnóna inné go mbeadh trí ionad lóistín breise le cur ar fáil i mBaile Átha Cliath.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

madraí bolaíochta - sniffer dogs

dufair - jungle

géarchéim codlaidíneach - opiate crisis

pianmhúchán - painkiller

iarrthóirí tearmainn - asylum seekers

mífháisnéis - misinformation

May 20, 202304:35
13 Bealtaine 2023 (Tír Eoghain)

13 Bealtaine 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Dé Máirt, fuair giúire i Nua-Eabhrac go ndearna iar-uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll seacht mbliana is fiche ó shin. Os rud é gur cás sibhialta a bhí ann, gearradh píonós $5m ar Trump ach ní sheolfar go príosún é. Dúirt Carroll go raibh náire uirthi agus gur chaill sí a post mar gheall ar an éigniú agus gur spreag an feachtas #metoo í chun a scéal a insint. Bhí Trump i láthair ag imeacht de chuid CNN oíche Dé Céadaoin, inar mhaígh sé gurb iad cúrsaí polaitíochta ba chúis leis an triail, agus gur goideadh vótaí sa toghchán uachtaránachta in 2020. In ainneoin na bhfadhbanna dlí atá Trump, meastar go bhfuil a lán leantóirí aige i measc na vótálaithe, agus go bhfuil seans ann go mbainfidh sé an chéad toghchán eile in 2024.

Tá eolaithe atá ag obair san Elvéis agus san Artach i ndiaidh teacht ar mhiocróib atá ábalta plaistic a dhíleá ag teocht íseal. Táthar eolach ar neart miocrób a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 céim cheana féin, ach baineann costas ard agus truailliú leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhíth. Fuarthas roinnt baictéar agus fungas a dhíleánn plaistic ag 15 chéim celsius. Tá plaistic ar cheann de na truailleáin is coitianta ar domhan, agus deirtear go bhfuil plaistic le fáil sa bhia a itheann muid, san uisce a ólann muid agus mar sin inár gcorp féin.

Is cosúil gurb é láithreoir teilifíse agus fear grinn Patrick Kielty rogha na coitiantachta don ról an láithreora ar The Late Late Show, an clár teilifíse is cáiliúla de chuid RTÉ. Tá Ryan Tubridy, a thosaigh ar an seó i 2009, chun éirí as ag deireadh na míosa seo, agus tá daoine mór le rá ar nós Claire Byrne agus Miriam O'Callaghan tar éis rá go poiblí nach nglacfaidh siadsan leis an phost. Cuireadh tús leis an chlár cainte sa bhliain 1962, agus bhí Gay Byrne ina óstach ón am sin go dtí 1999. Chaith Pat Kenny deich mbliana sa ról sular tháinig Tubridy isteach. Is as an Dún ó dhúchas do Kielty, agus maraíodh a athair le linn na dTrioblóidí sna Sé Chontae, agus meastar go mbeadh sé in ann dul i ngleic le topaicí tromchúiseacha chomh maith le hábhair éadroma.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

mí-úsáid ghnéis - sexual abuse

éigniú - rape

díleá - digest

truailleán - pollutant

rogha na coitiantachta - front runner

topaicí tromchúiseacha - serious topics

May 13, 202305:43
6 Bealtaine 2023 (An Clár)

6 Bealtaine 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarlas agus ansin suífidh sé ar an ríchathaoir. Déanfar banríon de Camilla ag an ócáid chéanna. Beidh Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin, ag freastal ar an gCorónú. Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn. Beidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn an tsearmanais, chomh maith le teangacha eile. Dár ndóigh, beidh na mílte ina seasamh ar dhá thaobh na sráide don mhórsiúl tar éis an tsearmanais ach níl gach duine sa Bhreatain sásta leis. Mar chuid den imeacht, iarrtar ar dhaoine a ndílseacht don Rí a chur in iúl os ard le linn an imeachta. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal. Cháin Smith an costas a bhaineann leis an ócáid freisin—níos mó ná £100 milliún go dtí seo.
Tá Rialtas na Rúise ag maíomh go ndearna an Úcráin iarracht Vladamir Putin a mharú le dróin oíche Dé Máirt. De réir na Rúiseach, sheol na hÚcráinigh dhá dhrón go dtí an Chreimil i Moscó, an áit ina mbíonn Putin ina chónaí de ghnáth, ach d’éirigh leo iad a chur ó maith sula ndearna siad aon damáiste. Shéan na hÚcráinigh gach rud a bhí á mhaíomh ag na Rúisigh agus dúirt an tUachtarán Zelensky nach raibh siad ag troid in éadan na Rúiseach ach amháin ar fhód na hÚcráine. Tá sé á mhaíomh ag cúpla saineolaí gurb iad na Rúisigh féin a d'eagraigh an t-ionsaí chun an aird a bhaint den chogadh agus den easpa ratha faoi láthair. De ghnáth tarlaíonn Paráid na Bealtaine sa Rúis ag an am seo den bhliain, ach chuir Putin go leor paráidí ar ceal i mbliana.
D’éirigh Geoffrey Hinton, ar a dtugtar ceannródaí na hintleachta saorga, as a phost in Google an tseachtain seo caite. Dúirt Hinton go bhfuil eagla air anois mar gheall ar an ndul chun cinn atá ag tarlú san intleacht shaorga faoi láthair. Rinne Hinton taighde faoi líonra néarach domhainfhoghlama, taighde atá thar a bheith tábhachtach don chóras ChatGPT, mar shampla. Tá líonraí néaracha cosúil leis an inchinn atá againn go léir agus de réir Hinton, tá na líonraí seo beagnach chomh cliste linne anois. Dúirt Hinton go bhfuil sé buartha faoi cad a tharlódh dá gcinnfeadh deachtóirí an intleacht shaorga a úsáid. Tá an intleacht shaorga go mór sa nuacht faoi láthair – i mí an Mhárta, shínigh go leor daoine sa réimse litir oscailte inar mhol siad stop a chur ar an bhforbairt chun go mbeimis in ann fearais sábháilteachta a chruthú ar dtús.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ola ungtha - anointing oil

dílseacht - loyalty

a chur ó maith - to put out of use

easpa ratha - lack of success

ceannródaí na hintleachta saorga - pioneer of artificial intelligence

líonra néarach domhainfhoghlama - deep learning neural network

deachtóirí - dictators

May 06, 202306:01
29 Aibreán 2023 (Luimneach)

29 Aibreán 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.

An tseachtain seo caite shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chúirt. Cúisíodh oifigigh Fox as an maíomh bréagach go raibh an vóta sa toghchán uachtaránachta rigeáilte i gcoinne Donald Trump, cé gur cheistigh siad féin an maíomh go príobháideach. Tháinig saincheisteanna chun cinn an tseachtain seo nuair a scaoil an t-óstach Tucker Carlson óna phost, duine de na hóstaigh is mó tóir ar Fox News a luadh sa chás. Eisíodh teachtaireachtaí ó Tucker Carlson freisin, ina ndearna an t-óstach cur síos ar chomhghleacaithe agus ar dhaoine eile lena n-áirítear comhairleoir agus aturnae Sidney Powell, ag baint úsáid as teanga gharbh.

D'eisigh an rialtas pacáiste beart an tseachtain seo chun dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta. I measc na mbeart sin bhí gealltanas ón rialtas tobhaigh forbartha a laghdú trí mhaoiniú poiblí a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí poiblí a nascadh le tithíocht nua. Cé nach bhfuil aon rud go sainráite sa phacáiste do cheannaitheoirí nua, dúirt Leo Varadkar go laghdódh na bearta, trí mhéadú ar an soláthar tithíochta, na praghsanna do cheannaitheoirí nua. Chomh maith leis sin, mhéadaigh an rialtas luach an deontais tithe folmha go caoga míle euro agus síneadh an cháilitheacht ionas gur féidir an deontas a úsáid le haghaidh réadmhaoine a úsáidtear ansin mar réadmhaoine ar cíos. Dúirt Mary Lou McDonald ó Shinn Féin nach raibh aon fhianaise ann go gcabhródh na bearta leis an bhfadhb tithíochta i ndáiríre agus nach raibh iontu ach bronntanas d’fhorbróirí tithíochta, rud a shéan an rialtas.

Tá fianaise tugtha ag Ed Sheeran i gcás bradaíola ceoil, a tugadh maidir leis an amhrán ‘Let’s Get It On’ de chuid Marvin Gaye. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán le Marvin Gaye, a thug an cás go dtí an chúirt. Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Ní hé seo an chéad chás a bhain le Ed Sheeran nó Marvin Gaye. Sa bhliain fiche fiche a dó bhuaigh Sheeran cás maidir lena amhrán Shape of You. In fiche cúig déag fuair giúiré amach freisin gur sháraigh an t-amhrán 'Blurred Lines' cóipcheart an amhráin Marvin Gaye ‘Got to Give it Up’.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dlí clúmhillte - defamation law

feidhmeannaigh shinsearacha - senior executives

ganntanas tithíochta - scarcity of housing

réadmhaoin - property

cás bradaíola ceoil - music plagiarism case

oidhrí - heirs

ceoleolaí - musicologist

Apr 29, 202306:22
22 Aibreán 2023 (Ard Mhacha)

22 Aibreán 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Fuair an Chúirt Choirúil Speisialta Gerard Hutch neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne, a lámhachadh in Óstán an Regency i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin. Bhí an dúnmharú mar chuid den imreas idir dronga coireachta Hutch agus Kinahan. Dúirt na breithiúna, cé go raibh fianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí a eagrú, ní raibh a dhóthain fianaise ann le rá go raibh sé féin ann ar an lá go pearsanta. Ciontaíodh beirt fhear eile i gcabhrú le heagraíocht choireachta David Byrne a dhúnmharú. Sin iad Paul Murphy, tiománaí tacsaí, 61 bliain d'aois, agus Jason Bonney, tógálaí, 52 bliain. D’fhag Gerard Hutch an chúirt ina aonar agus níor fhreagair sé ceisteanna na nuachtóirí.
D’áitigh iar-sheanadóir na Stát Aontaithe George Mitchell ar cheannairí an Tuiscirt chun gníomhú le “misneach agus gaois” mar a rinne a réamhtheachtaithe 25 bliain ó shin. Bhí Mitchell ag glacadh páirt san imeacht “Aontú 25” in Ollscoil na Banríona ina gceiliúradh comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháinig go leor de phríomhúdair an Chomhaontaithe le chéile i mBéal Feirste an tseachtain seo. Roinn iar-Phríomh-Aire Tony Blair, iar-Uachtarán Bill Clinton agus iar-Thaoiseach Bertie Ahern an stáitse le chéile. Bhí teachtaireacht shoiléir acu do na ceannairí sa tuaisceart chun oibriú go dian agus an tionól a athbhunú sna sé chontae.
De réir tuairiscí, rinneadh ionsaí ar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh go dtí an tSúdáin, an tÉireannach Aidan O'Hara, ina theach cónaithe. Tuigtear go bhfuil an taidhleoir ceart go leor ach dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin gur "sárú mór" ar Choinhinsiún Vín a bhí san ionsai seo. Maraíodh thart ar 200 duine agus gortaíodh 1,800 go dtí seo mar thoradh ar chogaíocht idir Arm na Sudáine agus grúpa paraimíleata. Tá an chuid is mó den troid le feiceáil i bpríomhchathair na tíre Khartoum. Tá an grúpa seo míshásta leis na pleananna don aistriú ó riail mhíleachta go sibhialtacht. Ach faoi láthair tá go leor Súdánach ag lorg síochána agus cobhsaíochta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

neamhchiontach - not guilty

dronga coireachta - criminal gangs

iar-sheanadóir - ex-senator

misneach agus gaois - courage and wisdom

taidhleoir - diplomat

cobhsaíocht - stability

Apr 22, 202306:02
15 Aibreán 2023 (Ciarraí)

15 Aibreán 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtain, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

An tseachtain seo, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a tháinig go dtí an t-oileán. Chuaigh sé go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aige le Príomhaire Shasana Rishi Sunak agus labhair sé in Ollscoil Uladh. Chuaigh sé ar aghaidh go Cairlinn i gContae Lú, an áit a rugadh a sin-sin-seanathair Owen Finnegan, a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe san 1840í. Tá gaolta le Biden fós ina gcónaí ann. Chaith sé am ag siúl timpeall Dhún Dealgan agus dúirt sé gur mór an onóir é teacht ar ais go hÉirinn agus gur bhraith sé go raibh sé ar ais ag baile. Thug sé cuairt ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus bhuail sé leis an Taoiseach Leo Varadkar ag Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce. Labhair sé os comhar na bpolaiteoirí ó Dháil Éireann agus ón Seanad, agus é ag moladh an naisc leanúnaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Chríochnaigh sé an tráthnóna le fáilte oifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chaith sé an lá deireanach i gContae Mhaigh Eo. Thug sé cuairt ar Chnoc Mhuire agus ar Bhéal an Átha, an áit a rugadh a sin-sin-sin-seanathair Edward Blewitt, a chuaigh go Meiriceá le linn an Ghorta Mhóir. Bhí ceolchoirm ar siúl sa bhaile leis na Coronas, The Academic agus na Chieftains ag seinm. Tháinig na mílte daoine go dtí an baile chun fáilte a chur roimhe. Labhair sé faoin nasc atá aige leis an gceantar agus lena mhuintir i mBéal an Átha i gcaitheamh na mblianta, gur chuir sé sin go mór leis an lá tábhachtach pearsanta a bhí aige in éineacht leis a chlann féin ar an turas seo.  

Sa Fhrainc, tá an Chomhairle Bhunreachtúil tar éis cead a thabhairt don Uachtarán Emmanuel Macron chun an pinsin a athchóiriú le go mbeidh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois. Bhí agóid i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre. Tá daoine ar buile leis an Uachtarán as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd ag baint úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince gur féidir an rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí. Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola. Dúirt an tUachtarán go bhfuil air an aois scoir a ardú chun é a mhaoiniú agus go bhfuil sé riachtanach don tír. Dúirt na ceardchumainn go bhfuil slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin. 

Tá bean darb ainm Beatriz Flamini 500 tar éis lá a chaitheamh ina haonar istigh i bpluais in Granada sa Spáinn, mar chuid de thurgnamh ina raibh eolaithe ag déanamh staideár agus monatóireacht uirthi. Dúirt sí nach bhfuil eolas aici ar aon rud a tharla sa saol mór ón lá a chuaigh sí isteach ann ar an aonú lá is fiche de Mhí na Samhna 2021. Chaith sí a cuid ama ag aclaíocht, ag tarraingt agus ag cniotáil caipíní. Léigh sí 60 leabhar agus d’ól sí 1000 lítear d’uisce. Bhí idir shíceolaithe, thaighdeoirí agus uaimheolaithe ag faire uirthi. Nuair a tháinig sí amach as an bpluais, dúirt sí gur chaill sí a tuiscint ar imeacht na haimsire tar éis di dhá mhí a chaitheamh sa phluais agus gur éirigh sí as comhaireamh na laethanta. An uair ba mheasa a bhí aici nuair a tháinig plá cuileog isteach á clúdach. Ach nuair a tháinig sí amach as an bpluais bhí sí sásta agus dúirt sí go raibh am iontach aici. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sin-sin-seanathair - great-great-grandfather

fáilte oifigiúil - official reception

athchóiriú - reform

bailiúchán dramhaíola - waste collection

pluais - cave

uaimheolaithe - speleologist

plá cuileog - invasion of flies


Apr 15, 202306:53