Skip to main content
iGaeilge

iGaeilge

By Concubhar O Liathain

Podchraoladh a thugann mo léargas ar chúrsaí an tsaoil agus rudaí a mheallann mo shúil is m'áird.
Available on
Apple Podcasts Logo
Google Podcasts Logo
Overcast Logo
Pocket Casts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

IGaeilge. 22 chloch naoi bpúnt

iGaeilgeMay 03, 2019

00:00
10:37
iGaeilge - an phingin ag titim maidir le Breatimeacht agus na meáin scríofa Gaeilge

iGaeilge - an phingin ag titim maidir le Breatimeacht agus na meáin scríofa Gaeilge

Dá mba rud é go mbeinn ag tosnú amach le ceachtar den dhá cheist seo - an Bhreatimeacht nó na meáin scríofa Ghaeilge - ní bheinn ar shon bheith ag tosnú san áit seo.   Tá an phingin - nó an cent - ag titim le Tóraithe go mbeidh deireadh le hAontas amháin má leanann an phlean ar son Breatimeacht crua, agus ní h-é Aontas na hEorpa a bheidh deireadh leis.    

Maidir leis an gcomhairliúcháin ar na meáin scríofa Gaeilge atá tionscnaithe ag Foras na Gaeilge.  Tá moltaí déanta acu a thabharfaidh breis airgid do Thuairisc, a chuirfidh Comhar ar líne agus a dhéanfaidh dímhaoiniú ar Nós.  Tá moltaí déanta acu a thacóidh le 'printíseachtaí' agus 'nuachtlitreacha' sna 'Limistéir Pleanála Teanga'.  Níl aon ghnó ag Foras na Gaeilge, ar foras tras teorainn é, bheith ag plé le 'nuachtlitreacha' do cheantair Ghaeltachta amháin agus beag is fiú bheith ag caint ar phrintíseachtaí nuair nach mbeidh postanna do phrintísigh ina dhiaidh sin. 

Tá gá le h-iolrachas sna meáin scríofa Gaeilge.  Tá gá le níos mó maoinithe don earnáil. Tá gá go mbeadh ardán níos mó fé choimirce RTÉ nó TG4 ag 'ollsolathróir nuachta'.   Mura féidir le seo tarlú, tabhair an t-airgead ar fad - €500,000 in aghaidh na bliana - do chomhnaidhm ina mbeadh leithéidí Tuairisc/Nós/Comhar fé aon bhrat amháin, fé aon bhórd amháin, fé aon ghrúp eagarthóir amháin.  

Seachas sin is status quo - laghdaithe - atá á mholadh ag Foras na Gaeilge.  Ní status quo d'aon tsort atá ag teastáil ach cur chuige iomlán nua agus oscailte.  


Jul 09, 201934:32
iGaeilge203 - Iarnród Éireann, Google Translate agus RTÉ

iGaeilge203 - Iarnród Éireann, Google Translate agus RTÉ

Ar maidin inniu agus mé á cheistiú ar chlár Breakfast Newstalk, dúirt Barry Kenny, úrlabhraí Iarnród Éireann, go mbeadh réiteach ann gan mhoill, an mhí seo chughainn, mí Iúil, nó Mí Mheán Fómhair ar a mhoille, ar an fhadhb a fhag go mbíodh cacstaí déanta d'ainmneacha Gaeilge le sínte fada ar chomharthaí leictreonacha ar shuíocháin traenach a bheadh curtha in áirithe.  Tá Google Translate á léiriú anois mar aistritheoir meaisín nach bhfuil ionchurtha le mór theangacha na hEorpa, Fraincís is Gearmáinis, a aistriú go cruinn.   Agus tá tuarascáil 2018 éisithe ag RTÉ ina léiritear go bhfuil laghdú ar an t-airgead atá á roinnt ag RTÉ le TG4 óna sciar de Chiste an Cheadúnais Theilifíse agus méadú beag ar an t-airgead a fhaigheann RnaG (8 cent as gach €160).   

Jun 26, 201926:43
iGaeilge202 - Corn an Domhain Sacar na mBan, Comharthaíocht Dhá Theangach ó Thuaidh agus eile

iGaeilge202 - Corn an Domhain Sacar na mBan, Comharthaíocht Dhá Theangach ó Thuaidh agus eile

Tá mí caite, beagnach, ó bhíos ar na podthonnta go deireannach.  Bím ag podchraoladh le Litriocht de ghnath na laethannta seo nó tá post nua faighte agam le Litriocht.com. Ar an eagrán seo táim ag caint faoin páirc éagothrom imeartha atá ann do thrachtaireacht Ghaeilge sa chraoltóireacht atá á dhéanamh ag TG4 agus RTÉ, comharthaíocht dhá theangach uaidh...agus eile....bígí ag éisteacht.

Jun 20, 201921:16
iGaeilge - An Comhaireamh Is Faide, Litríocht trí Ghaeilge agus míreanna eile

iGaeilge - An Comhaireamh Is Faide, Litríocht trí Ghaeilge agus míreanna eile

Bhí mé i mo thost ar feadh seal ach táim ar ais!  Chomh calannach is eigiallmhar is a bhí mé riamh.... Beagáinín níos eadroime, áfach, ná mar a bhíos le tamall!

May 29, 201919:30
iGaeilge - Mo Chéad Fhaoistin, Liam Mac Con Iomaire agus na Cainteanna

iGaeilge - Mo Chéad Fhaoistin, Liam Mac Con Iomaire agus na Cainteanna

San eagrán seo déanaim cur síos ar an gcéad fhaoistin a rinneas le mo chomhairleoir maidir le cailliúint meachan, Liam Mac Con Iomaire a calleadh le déanaí agus tús na gcainteanna ó thuaidh....

May 08, 201917:26
IGaeilge. 22 chloch naoi bpúnt

IGaeilge. 22 chloch naoi bpúnt

Meascán d'abhair inniu ach tús á fhógairt agam lem' fheachtas folláíne nua anseo.  Is é mo mheachan ná 22'9" agus táim tosnaithe ar fheachtas 12 sheachtain deag chun sin a thabhairt síos faoi 20 cloch.  Clochmhle mór é sin i dtreo a thabharfaidh mé níos faide ó dheas arís!   Tuilleadh ábhair sa chlár faoi toghcháin, Jade Pepper agus eile. 

May 03, 201910:37
iGaeilge - Lá Mór na Filíochta agus Sciorradh Teanga Mhícheál Martin

iGaeilge - Lá Mór na Filíochta agus Sciorradh Teanga Mhícheál Martin

Inniu Lá Náisiúnta na Filíochta agus tá cúpla dán á aithris san eagrán seo de iGaeilge.   Dánta le Risteárd de HIndeberg, 'Gael Mise', agus Liam Ó Muirthille ( a aistriúchán ar dhán le Rimbaud).   Chomh maith tá trácht ann ar theanga mhíchúramach Mhicheál Martin a mhaígh go raibh SF ag déanamh úirlis cogaidh den Ghaeilge.  Ní gá aontú le seasamh SF ar an nGaeilge le h-aithint gur caint gan chiall é seo, caint seanachaite a bhionn in úsáid ag phairtithe aondachtacha.  Tá gach páirtí an DUP, TUV agus UUP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh.  Cuireann sin san áireamh comhghuaillithe nua FF, an SDLP. 

May 02, 201918:26
iGaeilge - An Báidín Teanga, Glúin na Gaelscoilise agus Ard Teist

iGaeilge - An Báidín Teanga, Glúin na Gaelscoilise agus Ard Teist

Tá sé á thuairisciú ag Tuairisc.ie ar maidin nach mbeidh aon marcanna/pointí bónais ann do dhaltai Ard Teiste a thugann fé ábhar nua Ghaeilge a bheidh dírithe ar aos na Gaeltachta is na nGaelscoileanna nuair a thabharfar isteach an bhliain seo chughainn é.  Ar ndóigh tá an iomarca béime ar scruduithe sa leagan amach atá againn ar ár gcóras oideachais.  Ar cheart níos mó béime a bheith ar fhoghlaim na Gaeilge, seachas ar mharcanna arda ann?  An bhfuil ár gcóras oideachais ag cur ár bpáistí sa treo mícheart?  Ceisteanna den chineál seo a bheidh á phlé in eagrán an lae inniu de iGaeilge. 

Apr 30, 201921:19
iGaeilge - Cad a tharlóidh anois?

iGaeilge - Cad a tharlóidh anois?

Tar éis an méid a bhí le rá ag an Athair Martin McGill inné ag sochraid an iriseora dúnmharuithe, Lyra McKee, agus é ag diriú a mhéar, de réir cosúlachta ar na polaiteoirí nár sheas le chéile go dtí a h-anbhás, cad a tharlóidh anois?  Ceist casta í sin le ríomh agus ceist atá ag spreagadh go leor ceisteanna, cuid acu ciallmhar.    Cíoraim an cheist sin agus ceisteanna eile sa chaint seo.....

Apr 25, 201922:19
iGaeilge - 'Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine' agus eile

iGaeilge - 'Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine' agus eile

Bhaineas ana thaithneamh as an Cháisc i mbliana idir searmanaisí, uibheacha cásca agus,go h-áirithe, bheith sa bhaile le mo mhuintir.  Bhaineas taithneamh ar leith as Ionramh an Chamino a craoladh ar TG4 oíche Luan Cásca.  

Ach rud amháin a chur olc orm, an 'máirseáil' a thug Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine, baill de 'Saoradh', ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, dhá lá tar éis dhúnmharú an iriseora óg, Lyra McKee.  Is iomaí duine ar maraíodh le linn an Chogaidh ó thuaidh ach goileann an marú seo orm agus ar go leor eile de bharr chomh suarach is a bhí sé, bliain is fiche ó Aoine an Chéasta 1998, nuair a síníodh an chomhaontú, gur maraíodh an bean óg seo a bhí lán le laochas agus le tairbhe. Ba mhasla an mórshiúl seo di agus do laochra na Cásca. 

Conas is féidir linn aontacht na hÉireann a bhaint amach má leanfaimíd leis na geaitsí seo a thugann le fios nach bhfuil aon fáilte roimh an 'eile' sa tír seo, is cuma cén bhrat a bhionn á iompar acu?  Ba mhaith liom Éire Aontaithe cinnte ach is foreigean mar seo a thagann idir sinn is an sprioc sin.  

 

Apr 23, 201915:38
iGaeilge - Dúnmharú Lyra McKee agus Gile Mo Chroí

iGaeilge - Dúnmharú Lyra McKee agus Gile Mo Chroí

Inniu Aoine an Chéasta.  Bliain is fiche ó shin mhúscail mé i mBéal Feirste ar Aoine an Chéasta agus bhí dóchas san aer mar go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta á aontú agus bhí ré nua ag breacadh, shamhlaíomar.  I mbliana mhúscail mé agus an scéal a raibh ar an raidío bhain sé bean óg,iriseoir cumasach, a maraíodh agus í i láthair ag ciréib i nDoire Cholmcille.  Is amhlaidh go raibh Lyra McKee ag seasamh ar chúl poilíní nuair a scaoil gunnadóir leis na poilíní.  Bhuail piléar Lyra agus maraíodh í.  Bás amháin eile ar liosta fada de bhásanna.  Is tragóid gach marú ach ar chúis éigean, samhlaíodh dom go raibh na laethannta seo ar ár gcúl.    Cheangal mé na smaointe seo le na mothúcháin a rith liom agus mé ag glacadh páirte searmanaisí Aoine an Chéasta i gCúil Aodha.  

Apr 19, 201917:31
iGaeilge -Corn Domhanda Sacar na mBan agus imeachtaí spóirt eile, Bréag Nuacht agus eile

iGaeilge -Corn Domhanda Sacar na mBan agus imeachtaí spóirt eile, Bréag Nuacht agus eile

An mbeidh rogha trachtaireachta Gaeilge ar fáíl le h-aghaidh na cluichí ón gCorn Domhanda do Pheil na mBan a bheidh á chraoladh ar RTÉ an Samhradh seo (comhthogra atá ann idir RTE agus TG4)?  Agus beidh mé ag caint ar an ndiospóireacht faoi Bhréag Nuacht a bhí ar 7 Lá an oíche dheireannach - agus cad é a cheapaim faoin gconspóid?

Apr 17, 201922:07
iGaeilge - Notre Dame, Corn Domhanda Sacar na mBan agus an Ghaeilge

iGaeilge - Notre Dame, Corn Domhanda Sacar na mBan agus an Ghaeilge

Rith roinnt smaointe liom agus mé ag éisteacht leis an gcaint ar fad faoi Notre Dame Pharas, a loisceadh i dtine aréir, agus an scéal go mbeidh craoladh beo ar chluichí ó Chorn Domhanda Sacar na mBan ar TG4 agus RTÉ 1 an Samhradh seo.   Maidir le Notre Dame, is uafásach an scéal é ach ar a laghad nior nior maraíodh éinne. Rith sé liom go bhfuil sé ait go bhfuil an oiread san imní ar roinnt trachtairí faoin ardeaglais seo, siombal de Chultúr na hEorpa agus cuid tabhachtach den oidhreacht sin, ach gur mailís is droch intinn atá ag na daoine céanna i leith na Gaeilge agus í chomh leochailleach céanna, agus chomh tabhachtach céanna i gcultúr na hEorpa.   Maidir le Corn Sacar na mBan.  Bhí fear ag gearán ar chlár raidió Ray Darcy go mbeadh cuid de na cluichí ar TG4 agus ag iarraidh ar an gcainéal Ghaeilge a chinntiú go mbeadh rogha de thrachtaireacht Bhéarla ar fáíl, mar atá sa Bhreatain Bheag.  Fáilte go domhan s'againne an tuairim a rith liomsa!

Apr 16, 201917:29
iGaeilge - Kneecap, Cluiche na gCorónach agus Pleanáil Teanga

iGaeilge - Kneecap, Cluiche na gCorónach agus Pleanáil Teanga

Is maith liom Kneecap agus tá áthas an domhain orm go bhfuil siad ag saothrú clú agus cáil - agus cúpla púnt - ón gceol aisteach a bhionn ar siúl acu.  Ní fhásann na 'baggies ar an talamh' ar na crainn.    Is maith liom Game of Thrones.  Ní maith liom go bhfuil ciníochas á cheangal in aon slí le pleanáil teanga sa Ghaeltacht....

Apr 15, 201912:41
iGaeilge - Diospóireacht faoi Phleanáil Teanga ar 7 Lá

iGaeilge - Diospóireacht faoi Phleanáil Teanga ar 7 Lá

Is duine 'gloine leath lán' mise.  Ní thagaim leis an smaoineamh atá coitianta go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis.  Feictear dom go bhfuil dóchas agam as an nglúin atá le teacht agus an tasc atá romhamsa ná an oiread agus is féidir a dhéanamh chun feabhas ar chúrsaí san idirlinn.   Tá an eagrán seo de iGaeilge ag féachaint ar phlé a bhí idir Ronán Mac an Iomaire, Stiurthóir Phleanála Teanga an Údaráis, agus an teangeolaí, Brian Ó Curnáin ar an eagrán is déanaí de 7 Lá, a chuir Máirín Ní Ghadhra i láthair.    Tá blúirín ann a dheineas do Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ag an deireadh chomh maith.

Apr 11, 201921:36
IGaeilge - an leithscéal sin ar 7 Lá agus cad a deir sé faoi sláinte an dhioschúrsa phoiblí i saol na Gaeilge - agus síntí fada arís!

IGaeilge - an leithscéal sin ar 7 Lá agus cad a deir sé faoi sláinte an dhioschúrsa phoiblí i saol na Gaeilge - agus síntí fada arís!

San eagrán seo cuirim ceist faoin leithscéal sin ar 7 Lá aréir - cén fath ar gabhadh leithscéal?  Cá bhfuil an clár ar a raibh an t-abhar a spreag an leithscéal?  Tá 7 Lá, 26 Márta, imithe den seinnteoir.  Dá mba rud é go raibh mise ar ais ar Bhórd TG4 bheinn ag  cur go leor ceisteanna faoin eachtra áirithe seo mar go bhfagann sé TG4 faoi scamall. 

Apr 10, 201922:40
iGaeilge - Tír Gan Teanga, Tír gan Ainm!

iGaeilge - Tír Gan Teanga, Tír gan Ainm!

Tir gan teanga, tír gan ainm.    Chuala mé an plé ar maidin idir Ciarán Ó Cofaigh agus Seán Ó Rourke faoi chonspóid na sínte fada.   Seo mo thuairim faoi....

Apr 09, 201909:14
iGaeilge - Is Breá Liom Gaeilge ach...sínte fada, postaeir toghcháin

iGaeilge - Is Breá Liom Gaeilge ach...sínte fada, postaeir toghcháin

Dea smaoineamh an lae:  Cuir ceist ar do choiste bailte shlachtmhara áitiúil iarraidh ar pholaiteoirí gan ach postaeir i nGaeilge nó dhá theangach leis an Ghaeilge in uachtar a chrochadh in airde sa Ghaeltacht.    Cuir ceist ar do pholaiteoir áitiúil nuair a thagann siad chuig do dhoras....má tá sé iontu teacht go dtí do dhoras ag lorg do vóta.... Aon litríocht a thagann ó aon iarrthóir atá i mBéarla amháin a thagann chughamsa, ní bhfaighidh sé nó sí aon vóta d'aon uimhir uaimse..... Abhair eile atá faoi chaibidil san eagrán seo feachtas Uí Chofaigh i leith na sínte fada, alt ainniseach eile ag íonsaí na Gaeilge, an uair seo san Irish Examiner.

Apr 08, 201927:06
iGaeilge - Tuarascáil an Choimisinéara Teanga, Gaelú shuíomh idirlín Chorcaí, Gaelú RTÉ agus síneadh fada na Breatimeachta

iGaeilge - Tuarascáil an Choimisinéara Teanga, Gaelú shuíomh idirlín Chorcaí, Gaelú RTÉ agus síneadh fada na Breatimeachta

Direach mar a deir sé ar an gcanna stáin....

Apr 04, 201918:48
iGaeilge - Dráma na Breatimeachta, Frankie Boyle, an IRA agus Theresa May, Leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht Gaeilge ó Thuaidh agus Conchúr Ó Giollagáin

iGaeilge - Dráma na Breatimeachta, Frankie Boyle, an IRA agus Theresa May, Leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht Gaeilge ó Thuaidh agus Conchúr Ó Giollagáin

Díreach mar a deir sé ó thuaidh le cúpla tagairt freisin do leabhar nua Chaoimhín de Barra, 'Gaeilge - A Radical Revolution' (beidh agallamh leis go luath ar an bpodchraoladh seo) agus don bhlag nua, saolcorrach.wordpress.com.  

Apr 03, 201923:47
IGaeilge - Deireadh Seachtaine lán d'ealaíon is de chultúr, Nóta Stóta, Iomramh an Chamino agus leabhar nua Chaoimhín de Barra

IGaeilge - Deireadh Seachtaine lán d'ealaíon is de chultúr, Nóta Stóta, Iomramh an Chamino agus leabhar nua Chaoimhín de Barra

Díreach mar a deir sé thuas agus corr smaoineamh fánach eile san áireamh...

Apr 02, 201923:48
iGaeilge - Lá Mór na Breatimeachta (Ní go fóill), Harry Perkins, Ó Riada sa Gaiety ar an Saol ó Dheas, Tony McMahon agus Kneecap

iGaeilge - Lá Mór na Breatimeachta (Ní go fóill), Harry Perkins, Ó Riada sa Gaiety ar an Saol ó Dheas, Tony McMahon agus Kneecap

Seo mise arís le tuilleadh tuairimí agus ramhaillí - bain taithneamh as - nó ná bain - agus as an deireadh seachtaine.  Beidh mé ar 'Tús Áite' inniu freisin ag 5.20in ag caint faoin mBreatimeacht agus "Cinsireacht ar TG4".   

Mar 29, 201927:01
iGaeilge - Bí Cúramach Cad é a Ghuíonn Tú ar a Shon!

iGaeilge - Bí Cúramach Cad é a Ghuíonn Tú ar a Shon!

Fáilte romhaibh isteach - seo roinnt tuairimí uaim faoi na castaí is déanaí i gcás na Breatimeachta....

Mar 28, 201917:48
iGaeilge, 'Cinsireacht' ar TG4 agus conspóidí Laochra Gael/Mná an IRA.

iGaeilge, 'Cinsireacht' ar TG4 agus conspóidí Laochra Gael/Mná an IRA.

Fáilte go dtí an eagrán is déanaí de iGaeilge.  Ní raibh aon eagrán inné - 26 Márta - agus b'fhéidir gur ceapadh go raibh mé i mo thost.  Ach níl - seo mé ar ais chomh glórach is a bhí mé riamh.....

Mar 27, 201924:25
iGaeilge - Baile Mhúirne/Baile Bhuirne agus Gaeltacht Mhúscraí

iGaeilge - Baile Mhúirne/Baile Bhuirne agus Gaeltacht Mhúscraí

Fáilte rómhaibh go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh.   Seo iGaeilge ar an Luan, 25 Márta, 2019.  Tá an podchraoladh seo á thaifeadadh agus ó chraoladh ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí.    Ag caint aréir i mBaile Mhúirne mhol Cormac Ó hAodha go n-úsáidfeadh daoine sa cheantar 'Gaeltacht Mhúscraí' ina seoltaí poist le tabhairt le fios do na h-údaráis gur ann don Ghaeltacht i gContae Chorcai agus gan ligint don tuiscint sin imeacht as radharc. 

Mar 25, 201921:09
iGaeilge - Sceimhlitheoirí Chultúrtha

iGaeilge - Sceimhlitheoirí Chultúrtha

Fáilte romhaibh a chomh Sceimhlitheoirí Chultúrtha, sinne atá ag iarraidh inár slí beag féin bheith ag obair ar son na Gaeilge agus rud éigean a dhéanamh chun í a thabhairt slán agus beo beathach don ghlúin a thagann inár ndiaidh. Inné thug an Choimisiún um Ghearáin Craolacháin breith i leith ghearán a rinne Julian de Spáinn faoi théarma maslach, Cultural Terrorists, a thug Ivan Yates ar dhaoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge.  Diultaíodh don ghearán ar an ábhar gur diospóireacht poiblí a bhí ann agus nach raibh i gceist ach iarracht chun argóínt te teasaí a spreagadh.   Is cuimhin liom le mo linn gur tugadh 'abrasive Gaels', 'Taliban Teanga' is 'fanaiceoir' ar phobal na Gaeilge. An másla is measa ná go gcuirtear in iúl gur pobal sinn atá ag labhairt teanga atá marbh is nach ann dúinn. Táimíd beo.

Mar 22, 201917:07
iGaeilge - Oibiachtúlacht agus cás na Gaeilge/na Gaeltachta

iGaeilge - Oibiachtúlacht agus cás na Gaeilge/na Gaeltachta

Fáilte romhaibh chuig an eagrán seo de iGaeilge.  Inniu an 21ú Márta, comhnocht an Earraigh.  Tá síneadh breá sna trathnóntaí.   

Ábhar a fhéadfadh bheith conspóideach atá á phlé inniu - oibiachtúlacht na h-iriseoireachta, an bhfuil feidhm leis i ré an idirlín?  Agus conas mar a bhaineann sin le cás na Gaeilge/na Gaeltachta?


Mar 21, 201925:07
iGaeilge - 7LáTG4 agus Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta

iGaeilge - 7LáTG4 agus Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta

Fáilte romhaibh chuig an eagrán is déanaí de iGaeilge.  Cothrom an ama seo, ar an 18ú Márta 1969, a cuireadh tús le Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta.  Eagrán suimiúil agus ba mhór is fiú an leath uair breise.  Ba bhreá a thuilleadh eagráin mar seo.   Ag an am chéanna bhí an fócas ró mhór ar an aimsir atá caite agus an méid a baineadh amach i 1969 agus ó shin - gan a dhothain béime ar na ceachtanna atá le foghlaim ag an nglúin seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn.   Bhí sé seafóídeach chomh maith go raibh ar an gcainteoir ó Thír Chonaill agallamh a dhéanamh trí Skype le bheith páirteach beo sa chlár seachas go raibh ceangal ceart theilifíse ann idir Ghaeltacht Chonamara agus Gaeltacht Thír Chonaill.   

Mar 20, 201924:45
Gaeilge105 - Corp/Éadaí/Bia/Dathanna/Cruthanna (Body/Clothes/Food/Colours/Shapes)

Gaeilge105 - Corp/Éadaí/Bia/Dathanna/Cruthanna (Body/Clothes/Food/Colours/Shapes)

Fáilte romhaibh go dtí an podchraoladh seo ina bhfuilimíd ag díriú ar thuismitheoirí le páistí atá ag freastal ar scoileanna lán Ghaeilge nó Gaeltachta.  Díríonn an eagrán seo ar an gcorp, éadaí, bia agus deoch, dáthanna agus cruthanna.  Bain taithneamh as. 

Welcome to this podcast which is focused on supporting parents whose children are attending Irish medium and/or Gaeltacht schools.  This edition focuses on terminology to do with the body, clothes, food and drink, shapes and colours.  Enjoy. 

Mar 19, 201908:22
iGaeilge - Gluaiseacht Cearta Shibhíalta na Gaeltachta 1969-2019 agus Mise Éire le Tura Aratura

iGaeilge - Gluaiseacht Cearta Shibhíalta na Gaeltachta 1969-2019 agus Mise Éire le Tura Aratura

Seo chughaibh an eagrán is déanaí de iGaeilge agus inniu táim ag plé Gluaiseacht Cearta Shibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht a tháinig ar an bhfód leath chéad bliain ó shin agus a bhain go leor amach lena linn. An bhfuil gá lena leithéid arís?   Cad é a bheadh á éileamh againn? Cad é atá de dhith chun sin a bhaint amach?

In eagrán an lae inniu, den chéad uair, tá píosa ceoil againn ó Tura Aratura, an ceoltóír is an ealaíontóir a tháinig chughainn ón Aifric agus atá anois níos Gaelaí ná na Gaeil féin.   Seo Mise Éire mar nár chuala tú riamh roimhe é - agus chuirfeadh sé cloch ag rínce.... 

Má tá fonn ar dhaoine rianta ceoil a roinnt liom le go mbeidh siad ábalta lucht éisteachta a fháil ó éisteoir iGaeilge, tar i dteagmháil liom ag concubhar.oliathain@gmail.com  

Mar 19, 201925:28
iGaeilge - Lá Fhéıle Phádraig i Múscraí/Éire Aontaithe/Breatimeacht agus Gaeilge ar Today with Seán O'Rourke

iGaeilge - Lá Fhéıle Phádraig i Múscraí/Éire Aontaithe/Breatimeacht agus Gaeilge ar Today with Seán O'Rourke

Bhí ana cheiliúradh againn inné ar an bhféile náisiúnta i Múscraí agus paráid ana shiamsúil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh.  Inniu, táimíd ag smaoineamh ar an ghnath shaol, Éire Aontaithe agus an 'brat úd' i Nua Eabharc, an Bhreatimeacht agus casadh eile arís ar an mbóthar agus rudaí deasa Gaelacha a thárla inniu cheana féin.

Mar 18, 201922:34
IGaeilge - Spreagadh Ráidió Fáilte, An Trácht i gCúil Aodha agus Naomh Abán

IGaeilge - Spreagadh Ráidió Fáilte, An Trácht i gCúil Aodha agus Naomh Abán

Inniu, 15 Márta 2019, tá ceannaras nua Ráidío Fáilte ag oscailt i mBéal Feirste.  Is mór an spreagadh a scéal, thosnaigh siad ag craoladh gan cheadúnas.  Taca an ama seo anuraidh a bronnadh an gradam 'Staisiún Ráidió na Bliana' ar Ráídió Fáilte ag Féile na Meán Cheilteach.    Is fada an bóthar é sin!   Spreagann sé mé le tabhairt faoin bpodchraoladh seo - agus podchraoladh a bheidh á sheoladh agam go luath le díriú ar Chúil Aodha, m'áit dhúchais anseo i nGaeltacht Mhúscraí.  In éagmais irischlár dár gcuid féin ar sceideal Ráídió na Gaeltachta, táím ag cur tús le seo le scéalta, seanachas, ceol, amhráin agus dánta an phobail seo a chur ós bhúr gcomhair.    Bí ag faire ar an aerspás seo!



Mar 15, 201909:05
iGaeilge - Domhnach na Fola agus Breatimeacht

iGaeilge - Domhnach na Fola agus Breatimeacht

Seo é an eagrán is déanaí de iGaeilge ina dtugaim m'fhreagra ar an chorr is déanaí i gcás theaghlaigh Dhomhnach na Fola ar son na cora agus an chasadh is déanaí ar bhóthar chasta na Breataine i dtreo na Breatimeachta. 

Domhnach na Fola   Eanair 1972

Le Dónal  Ó Liatháín

Mar  a shníonn an Fheabhail go leathan, go ngéilleann sí don ghlas-mhuir,

Thárla slad-mharú an Eanáir san bhliain a seachtó dó

Nuair a ghluais an slua gan airm ar mhór-shiúl d’éileamh cearta

Is i nDoire teann na bhfallaí d’ardaíodh an gleo.

I mbarr Shráid Liaim do scaipeadh iad ag uisce ‘s gás an airm

Is go taobh an Bhogaigh treasna do chúlaíodar gan treoir,

Ach na ndiaidh fé luas na Paras is ar Chearnóig chéasta Rossville

Triúr déag fé lamhach gan taise fagadh marbh ar an bhfód.

Ba dhubhach Dé Luain an baile is a muintir suaite creachta,

Ag roinnt na gcorp mbocht stracaithe is a a n-ardú ‘bhaile leo;

Is an Céadaoin duairc a lean é, ba thomhaiste trom an fhearthainn,

Is na sléibhte i gclúid fé mhairg i ndluth bhrátaibh ceoidh.

San reilig thuaidh cois caladh bhí brón ar Ghaeil is fearg

‘S do cháíneadar na barbair a scaoil na urchair leo,

Ach ní thógann caint ná paidir ón mbás arís na mairbh

Mar le spórt an tsaoil táid scártha is ní fhillfidh chughainn go deo.

Go dtóga Críost gach anam díobh ‘na líonta lána casta,

Go gleanntaibh árd na bhFlaitheas go brách i measc na naomh;

Is más toil Dé go leanam iar ar bhóthar cruaidh na staire,

Nach fearr an bás tá fearúil ná náir’ ós comhair an tsaoil;

An bhfuil leigheas ach bás nó gaisce is cuirp ‘na línte leagtha;

An bhfuil aon cheart do lagaibh gan lámhach gunnaí is piléar?

Nó an mbeidh sa chré ‘na bhfairis, ó Gaeil is Gaill ‘na sreathaibh

Sula scaoilfear snaidhm na staire is go mairimíd fé shéan.


Mar 14, 201920:48
Gaeilge - Scoil(School) 2

Gaeilge - Scoil(School) 2

Tá an podchraoladh seo dírithe ar thuismitheoirí le daltaí ar scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc ann - scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, tuismitheoirí ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. 

Tá an podchraoladh ag díriú ar chúrsaí scoile, ag scríobh nóta chuig an Priomhoide/Múinteoir, ag cabhrú le do pháiste obair bhaile a dhéanamh. 

This podcast is aimed at parents whose children are attending Irish medium schools and who want to improve their Irish.  This particular episode focuses on school and homework, writing a note to your child's teacher or principal, helping him/her with homework.

Mar 14, 201911:04
iGaeilge - Físeán Fáil, Lá le Pádraig

iGaeilge - Físeán Fáil, Lá le Pádraig

San eagrán seo de iGaeilge, tugaim faoi fhíseán atá éisithe ag Fianna Fáil ag déanamh ionsaí ar an Rialtas faoin slad atá á dhéanamh ag an nGaeltacht. Cé go bhfuil go leor den fhírinne sa bhfíseán, tá slad déanta ar an nGaeltacht le tamall de bhlianta anuas, deich mbliana a luaitear san fhíseán, bhí FF i gcumhacht nuair a thosnaigh an slad seo.  Go deimhin i 2002/3, bhí Éamon Ó Cuív ina Aire nuair a gearradh go substaintiúil buiséad an Údaráis (agus buiséad an Fhorais).  Agus FF i gcumhacht i 2010/11, dúnadh OIfig an Phoist Bhéal Átha'n Ghaorthaidh.  Tuigtear dom freisin go raibh Siopa Uí Chorcora atá príomh ról aige sa bhfíseán dúnta roimh don OIfig a Phoist bheith dúnta, is é sin le rá le linn FF bheith i gcumhacht. 

Ag tús an podchraoladh, déirim dán a chum m'athair, Dónal Ó LIatháin, in omós do Naomh Phádraig.  

Mar 13, 201917:38
Gaeilge103 - Ar Scoil/At School (Cuid 1)

Gaeilge103 - Ar Scoil/At School (Cuid 1)

Seo áis do thuismitheoirí atá páistí leo ag freastal ar Scoil Gaeltachta nó Gaelscoil nó scoil ar bith ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh ann agus iarracht á dhéanamh ar an tumoideachas.   This is a resource for parents/guardians whose children are attending Irish medium schools. 

Díríonn an eagrán seo ar an scoil.  This edition focuses on the school.   Beidh páirteanna eile ar an ábhar seo.  There will be follow up editions on this subject. 

Mar 13, 201905:37
iGaeilge - Cúrsaí Reatha, Éire agus an Eoraifís, Seosamh Ó Cuaig agus a alt faoi SF i gComhrialtas, na Sínte Fada agus eile

iGaeilge - Cúrsaí Reatha, Éire agus an Eoraifís, Seosamh Ó Cuaig agus a alt faoi SF i gComhrialtas, na Sínte Fada agus eile

Tá éagsúlacht ábhar faoi chaibidil ar phodchraoladh an lae inniu agam.  An údar íoróín a bhainim ó bhuairt Rialtas na Breataine go ndéanfaidh Aontas na hEorpa feall orthu maidir leis an gCúl Stad, ar cheart d'Éirinn dul go dtí an Eoraifís, an bhfuil an cheart ag Seosamh Ó Cuaig go bhfuil daoine buartha faoi SF i gcomhrialtas agus an chorr is déanaí is sobal fada na sínte fada......

Mar 12, 201923:21
Gaeilge 102 - An clann ar lean(family, continued)

Gaeilge 102 - An clann ar lean(family, continued)

Seo an dara mhír den rang Ghaeilge seo.  Tá sé dírithe ach go h-áirithe ar thuismitheoirí atá páistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna.  

This is the second installment of my Irish class. It's aimed specifically at parents/guardians whose children are attending Gaeltacht schools or Irish medium schools.  

Mar 11, 201902:27
iGaeilge - Pop Up Gaeltacht Uibh Ráthach, Kia agus eile

iGaeilge - Pop Up Gaeltacht Uibh Ráthach, Kia agus eile

Roinnt tuairimí fánacha uaim faoin bpop up Gaeltacht i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, fograí Gaeilge ar an raidió agus na meáin soisialta agus go leor eile.  Cúpla fógra freisin. 

Mar 11, 201922:50
iGaeilge Gaeilge 101

iGaeilge Gaeilge 101

Seo podchraoladh speisialta do dhaltaí atá ag freastal ar ranganna atá á múineadh agam faoi láthair. Tá na ranganna seo dírithe ar thuismitheoirí go bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoileanna/Scoileanna Ghaeltachta.  Sna scoileanna seo is í an Ghaeilge teanga na scoile.   Tá fáilte romhaibh an podchraoladh seo a scaipeadh ar bhúr gcáirde atá ag foghlaim más maith libh.  Gaeilge/Gaoluinn Mhúscraí isea an chanúint atá agam. 

Mar 08, 201905:24
iGaeilge - Bígí ag Fáire ar TG4

iGaeilge - Bígí ag Fáire ar TG4

Fáilte go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh, iGaeilge.   Seo mise ag caint faoin gconspóid is déanaí maidir le méid an Bhéarla ar TG4.  Dar liom tá an cainéal idir dhá thine Bhealtaine.  Ní féidir leis an croí phobal a shásamh gan níos mó Gaeilge a chraoladh ach ní féidir leis an staisiún maireachtain san aeráid pholatúil (na déine) atá ann gan an mór phobal a thabhairt lei.  Tá gá dár liom le cainéal nua ar líne ar nós Molscéal agus Bloc chun riar a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí fásta.   Tá gá le droichid a thogáíl idir an dhá bheann a luann ceannasaí TG4 lena pholasaí dhá bheannach. 

Mar 08, 201901:52
iGaeilge - Fuaim na hAbhann

iGaeilge - Fuaim na hAbhann

Bhíos ar mo shuaimhneas glan ar maidin agus mé ag siúl le mo dhá ghadhar.  Chuas suas i dtreo Barr d'Ínse agus stopamar ag an droichead thar an tSuláin in aice leis an scoil.  Chuala mé fuaim na h-abhann ansan.  Agus d'áírigh mé na grastaí ó Dhia - grastaí an tsaoil más fearr leat - agus ansan d'fhilleas agus briseadh isteach ar mo shuaimhneas le smaointe faoin mhéid a bhí le rá ag Karen Bradley i leith na daoine ar mharaigh Arm na Breataine agus Póilíní ó thuaidh le linn na coimhlinte.  Dar lei, nach coireanna abea na feallmharuithe seo.  Ar ndoigh, dob iad.   

Agus ansan ar mhaithe leis an crá croí a ruaigeadh téim go tabhairne i Kimmage, Baile Átha Cliath mar atá fear a'tí ag lorg tabhairneoir le Gaeilge le h-obair ann.  Yu Ming is ainm dom - NOT. 


Mar 07, 201928:08
iGaeilge-#LNMS19

iGaeilge-#LNMS19

Mo fhreagra ar Lá na Meán Soisialta 2019, ceann de mhór laethannta Seachtain na Gaeilge na bliana seo.  An tabhacht atá leis an Ghaeilge a úsáid ar líne agus gan beag a dhéanamh den mhéid Gaeilge a labhartar/a úsáidtear ar na meáin soisialta.   Deir daoine nach ionann é agus an fíor chomhrá a bhionn agatsa agus agamsa nuair a chastar ar an sráid sinn.  Ní aontaim.  Tá luach leis agus ní beag é, ní beag é in aon chorr.  Tagraim freisin don nós atá ag Gaeil bheith ró bhreithiúnach i leith Gaeilge dhaoine eile agus a bheith ag caitheamh anuas ar.  Ní dea nós é sin.  Ar eagla na mí thuisceana, níl aon ceangal oifigiúil agamsa ná an podchraoladh seo le Seachtain na Gaeilge nó Lá na Meáin Soisialta.  Níl anseo ach m'fhreagra pearsanta ar an ocáid. 

Mar 06, 201918:23
iGaeilge - Ní Chaithfear Éisteacht

iGaeilge - Ní Chaithfear Éisteacht

A cháirde, seo léargas níos pearsanta b'fhéidir ar mo shaol inniu, tar éis dom filleadh ar m'áit dhúchais ó bheith ó thuaidh, mo shaol i Múscraí, thar nais le mo chlann agus mo mhuintir, Cór Chúil Aodha, múineadh na Gaeilge/Gaoluinne, cén fath go bhfuilim ag déanamh an podchraoladh seo in aon chorr.  Maireann sé timpeall leath uair a chloig. Ná h-ábair ná bhfuair tú foláireamh. 


Mar 05, 201929:27
iGaeilge - Craoltóirí, Ainmneacha i nGaeilge agus Taithí Gan Teorainn

iGaeilge - Craoltóirí, Ainmneacha i nGaeilge agus Taithí Gan Teorainn

Seachtain na Gaeilge atá ann agus ba cheart go mbeimís ag ceiliuradh na Gaeilge - agus tá - ach ar dtúis roinnt nótaí do chraoltóirí ar nós an BBC a chreideann gur deá smaoineamh é bheith ag déanamh cocstaí d'ainmneacha Gaeilge a fhoghrú - rud nach ndéanfadh siad le teangacha eile de réir mo thaithí.  Tá an BBC agus craoltóiri seirbhíse poiblí eile - táim ag caint fúibh, RTÉ - in ainm is a bheith neodrach.    Tá rud éigean le rá agam faoi éileamh iar imreoirí aitheanta an CLG ó thuaidh go mbeadh an chumann ag tacú le h-éilimh na mball go mbeadh reifreann ann ar son Éire Aontaithe i bhfianaise go bhfuil Breatimeacht ag teacht agus treisiú ag teacht ar an éileamh ar son athaontú na tíre chun na sé chontae a choimead san Aontas Eorpach - agus amach as an Ríocht Aontaithe i ré Breatimeachta. 

Mar 04, 201924:45
iGaeilge - Victor

iGaeilge - Victor

Podchraoladh ina gcuirtear fáilte roimh cheapachán Victor Bayda ó Mhoscó ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uibh Ráthach agus ina ghuítear rath ar a chuid oibre. Is mór an spreagadh atá tugtha ag Victor dúinn cheana féin lena chaint ar na meáin.   Ba cheart freisin bheith chomh cúramach faoi bheith ag fógairt bhás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus atá Met Éireann ag moladh dá faisnéiseoirí aimsire bheith i dtaobh 'Téamh Domhanda'.   Agus tuilleadh....

Feb 26, 201919:21
iGaeilge - 'Zombaí Theanga' - Idir Dhá Thuar Dhóchais

iGaeilge - 'Zombaí Theanga' - Idir Dhá Thuar Dhóchais

Ní ghlacaim leis an dtuar a rinne Seán Ó Cuirreáin, iar choimisinéir teanga, agus é ag tagairt don mbaol go n-iompófaí an Ghaeilge ina 'zombaí theanga' de bharr go bhfuil an Rialtas tar éis a hata a chaitheamh leis an dteanga.   Fúinn féin atá slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht.  Nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha againn go fóill! Is tá go leor tuair dóchais ann ach iad a thabhairt faoi ndeara.

Feb 18, 201923:42
iGaeilge - Velvet Buzzsaw agus Glór na nGael

iGaeilge - Velvet Buzzsaw agus Glór na nGael

San eagrán seo tugaim mo léargas ar scannán nua Netflix, Velvet Buzzsaw, scannán atá lonnaithe i saol ealaín Los Angeles agus atá gné scanrúil ósnadúrtha ag baint leis.   Tá suim agam san ábhar ós rud é go rabhas mé féin ag obair i nDánlann go dtí le déanaí.  

Agus tugaim gairdeas freisin do mo sheancháirde, Seamus agus Seán Mac Seáin atá ag fáil Gradam Ghlór na nGael ag an deireadh seachtaine nuair a bronnfar na gradaim ar fad ag ocáid in  Óstán Ghlasáin, Co. na hIarmhí.

Feb 07, 201916:58
iGaeilge - Resistance agus Trasna na dTonnta

iGaeilge - Resistance agus Trasna na dTonnta

Podchraoladh i nGaeilge, iontas na n-iontas.  Beidh míreanna éagsúla sa phodchraoladh - rachtanna feirge, tuairiscí nuachta, agallaimh, léamhanna, ranganna is eile.  

Feb 06, 201918:08