Skip to main content
Nuall na nÓg

Nuall na nÓg

By Nuall na nÓg

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg
Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge.

Bígí linn ⭕️🎉
Available on
Google Podcasts Logo
Overcast Logo
Pocket Casts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8

Nuall na nÓgDec 05, 2020

00:00
47:36
Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín

Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín

Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify, agus le halbam Catríona leis na hamhráin a bhailigh sí i rith na máistreachta air darb ainm 's’iomaí coiscéim fada'.  

Apr 09, 202441:15
Comhghuaillíocht leis an Phalaistín

Comhghuaillíocht leis an Phalaistín

Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó… 

Ná déanaigí dearmad chun bhur dtacaíochta a thabhairt d’eagraíochta áitiúla ag obair ar son na Palaistíne @irelandpsc @galway_ispc @cairdepalestinebf @cairdepalestinequb @irish.artists.for.palestine



Feb 12, 202432:52
An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023

An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023

Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!

Jan 12, 202454:03
Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023

Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023

Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.

Dec 24, 202328:56
 Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola

Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola

An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr. Déanaigí cinnte éisteacht leis an phlé spreagúil seo a thaispeánann an saibhreas cultúrtha, an inbhuanaitheacht agus an oidhreacht teanga; rudaí atá fíorspeisialta fá Inis Oírr.

Sep 30, 202340:57
 Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.

Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.

Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta!

Aug 24, 202349:53
Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh

Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh

Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá ina bhainisteoir ar fhoireann peile san Iosrael. Masmasach!!! Into the Submarine Robbie Keane.. Bígí linn!

Jul 14, 202339:46
Breith Suas Linn! Mí Aibreáin

Breith Suas Linn! Mí Aibreáin

Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…

May 17, 202301:05:18
I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh

I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh

Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!

Apr 18, 202339:59
Breith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra...

Breith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra...

Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)
Mar 23, 202358:46
Machnamh, le Síomha
Mar 04, 202336:04
Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell

Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell

Shuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá an nasc in san bio.  Bainigí sult a chairde!

Jan 25, 202321:50
Pod Cinn Bhliana 2022

Pod Cinn Bhliana 2022

Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N’fheadar cé a bhí ann?! Bhí vadhbs gan smál ann seal taifeadta an phod agus táimid ag súil go mór libh a bheith ar ais inár gcuideachta aríst eile. Bígí lnn!
Jan 17, 202356:60
Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra

Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra

Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)

Nov 08, 202234:23
Gadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haon
Sep 27, 202227:46
Eachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngair

Eachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngair

D'admhaigh an gang d'aon ghlór go raibh sé thar am againn pilleadh ar an chraoltóireacht. Agus BLD char tháinig meirg ar ár gcaint. Sceitheann Andrew fá dtaobh d'eachtraí s'aige sa Téalainn agus tá scéal grá NÓ DHÓ le cíoradh fosta. Nach méanar do chuid de na daoine? 

Apr 28, 202245:07
Pod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron

Pod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron

Ár gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn an víreas úd. Meas sibh cé a sheachain é?  Ar aon nós, seo ócáid le buaiceannaí na bliana groí a d'imigh tharainn a chomóradh agus na híosphointí a olagón. Seans go bhfuil cur amach agaibh ar an leagan amach ó phod chinn bhliana 2020. Aithneoidh sibh, mar sin, an iarracht a dhéanann muid idir ealaíontóirí ildánacha,is cheoltóirí atá mór linn a chur chun cinn. Grá mór agus bainigí ceol as

Jan 07, 202237:39
Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1

Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1

Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ .  Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough  le hé seo uilig a chur fá chaibidil.

Nov 11, 202143:57
Bliain ar an Aer |#15

Bliain ar an Aer |#15

Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic! 






Aug 05, 202115:11
Comhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14

Comhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14

An tseachtain seo bhí deis ag Cillian agus Andrew giota cainte a dhéanamh le hEoghan O’Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús. Labhair siad fán éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh sa Phailistín agus fuaireadar amhrán uaidh fosta.

Jun 02, 202135:48
An tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13

An tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13

An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagón fán chaipitileachas agus fán tSárshraith Eorpach ba ábhar mór conspóide le linn na seachtaine. 

  

Apr 23, 202138:26
Cealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12

Cealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12

An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh?  

Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus Cillian mionscrúdú ar an ábhar le fáil amach.  

Fosta beidh neart craice, cúpla cluiche agus roghnóidh an dísreach slíomadóir na seachtaine (prick of the week)! 

Mar 25, 202127:44
Réaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11

Réaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11

Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil  Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réaltchomharthaí (Sea léigh sibh mar is ceart é). Fuasclaíonn siad an cheist: An leigheas nua - aimseartha ar an aindiachas iad nó an é nach bhfuil iontu ach cur i gcéill agus ábhar magaidh? Ó agus tá braon polaitíochta ann fosta ar ndóigh ;)

Feb 20, 202133:57
Sraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10

Sraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10

Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta. 

 Labhair sé faoina shaoldearcadh i dtaobh na Gaeilge, faoina chúlra teanga agus faoin dóigh ar chuir sé aithne air féin agus ar ar a ghnéasúlacht i neadóg na Gaeilge.  D’imríomar cúpla cluiche leis an scúp a fháil sula ndeachaigh Aindriú a luí . 

Filíocht agus leabhar nua dá chuid, Foclóir nó Teanglann? agus an réaltchomhartha s’aige uilig le fáil ar Spotify, Apple Podcasts srl.

Jan 26, 202145:44
Pod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9

Pod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9

Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéile de na buaicphointí nuachta, ceoil, cultúrtha agus tallainne a chuir go mór mór le saibhreas an tsaoil Éireannaigh i mbliana. Luafar na daoine galánta thíos.  

Bhí dúshláin mhóra le sarú ag an triúr againn i mbliana, mar a bhí ag achan duine. Ach, bhí an-bhliain againn i rith an ama. In ainneoin Covid-19, ní raibh rud ar bith níos taitneamhaí ná na laethanta fada samhraidh agus na hoícheanta siochta geimhridh ar chaith muid le chéile ag déanamh na bpodchraoltaí seo le chéile. Athbhliain faoi mhaise daoibh uilig a chomrádaithe

 Anna, Andrew agus Cillian,  gang NNN x 

Jan 05, 202154:43
Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8

Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8

GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna graosta nó gáirsiúla a chur ar taispeáint sa timpeallacht. NÓ Díoltas a bhaint amach ar dhuine trí íomhánna príobháideacha de nó di a sceitheadh os comhair an tsaoil mar a bheadh pornagafaíocht ann  

MILLEANÚ AN ÍOSPHARTAIGH: An locht a chur ar an duine atá thíos leis an choir.  

”GÁS-SOILSIÚ” (gaslighting): Mearbhall intinne a chur ar dhuine d'aonghnó is go mailíseach chun dul i bhfeidhm air nó uirthi.

 Tá súil againn go mbaineann sibh idir thairbhe is taitneamh as an eipeasóid seo. Cuimhnigí gur éadroime an t-ualach á roinnt.

Dec 05, 202047:36
Cuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7

Cuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7

Cinnte dearfa, is díol céiliúrtha í treascairt Donald Trump. Ach, an dtráfaidh borradh seo an dóchais fá riail Biden agus Kamala?  Seo comhrá gairid idir Anna agus Andrew a phléann ár dtuairimí ar thoghchán Uachtarán SAM.  (Cuirtear béim ar na gnéithe dearfacha in amantaí)

Nov 12, 202032:27
Anna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6

Anna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6

Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh le chéile agus triaileann siad an teoireann idir mórcheisteanna eacnamaíocha agus cúinsí saoil an lae inniu a réabadh ó bhun. Ar a bharr sin, bíonn deis cainte ag @cillianmaccaba fá dheireadh 😩 (in éagmais Anna?!) Tá súil againn go mbeidh an comhrá ina údar faoisimh is inspioráide agaibh mar a bhí sé againn féin 💚

Oct 30, 202051:47
Cleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5

Cleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5

An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud amháin a bhí in easnamh ná cúpla jagerbomb agus suíochán in Hiúdaí Beags. Tá súil againn go mbeidh muid uilig ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ gan mhoill!

Oct 09, 202043:27
Na hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4

Na hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4

Bígí linn más suim libh ainm gaelach funky-áilte a chur ar bhur mbaibí nó má ba mhaith leat co-op de cheoltóirí a thoiseacht.


Sep 14, 202046:30
#MiseFosta | #3

#MiseFosta | #3

Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta

Aug 14, 202042:15
COVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2

COVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2

Labhair muid inniu faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag COVID ar dhaoine óga - i dtéarmaí eisimirce, fostaíochta, oideachais agus tithíochta - uilig agus póit an diabhail orainn...

Jul 31, 202030:58
An bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1

An bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1

Labhraíonn muid ar ár dtaithí féin leis an teanga, béarlachas, agus neart eile le linn an chéad phodchraoladh seo- bainigí sult!
Jul 17, 202028:52