Skip to main content
Spreagadh Saoil

Spreagadh Saoil

By Seán Ó Duinnín

Lón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an cumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach.
Available on
Apple Podcasts Logo
Castbox Logo
Google Podcasts Logo
Pocket Casts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

Spreagadh SaoilJan 24, 2021

00:00
29:06
Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

Comhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.
Apr 01, 202127:48
Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.
Mar 26, 202141:24
Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.
Mar 13, 202136:26
Cairdeas

Cairdeas

Píosa machnaimh ar chairdeas.
Mar 10, 202110:15
Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht
Feb 24, 202136:46
Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.
Feb 19, 202132:52
Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

Múinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.
Feb 11, 202134:42
“Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”
Feb 06, 202138:11
'Anseo?' Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.
Feb 04, 202116:32
“Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

“Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

Is as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!
Jan 30, 202137:14
Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?

Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?

Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad.  

Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir. 

Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir.  

Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir. 

Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality).  

Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.

Jan 28, 202124:32
Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.
Jan 26, 202115:26
Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

Is craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.
Jan 25, 202137:39
Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

Is Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.
Jan 24, 202129:06
Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

Comhrá taitneamhach, tairbheach ina bpléitear bá, dóchas agus dearfacht. (Titeann caighdeán na fuaime i dtreo an deireadh. Mo leithscéal faoi seo.)
Jan 23, 202124:33
Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

Comhrá le Sláine Ní Chathalláin faoi na nósanna dearfacha laethúla a thugann fuinneamh agus spreagadh di.
Jan 18, 202116:05
Fallaí Imní

Fallaí Imní

Tá nósanna cruthaithe againn leis na mothúcháin a choimeád faoi cheilt - imní san áireamh. Tá fás, forbairt & saoirse ar fáil ach iad a bhriseadh.
Jan 14, 202109:27
“Bí dílis duit féin.”

“Bí dílis duit féin.”

Comhrá le Clíodhna Ní Cheallacháin faoin tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin sa saol.
Jan 11, 202112:10
Fadhb ar Bith!

Fadhb ar Bith!

Bíonn fadhbanna againn go léir - gach lá! Conas a bhraitheann tú faoi na fadhbanna seo?
Jan 10, 202107:57
Déan Nós agus Bris Nós

Déan Nós agus Bris Nós

Is toradh carnach é do shaol ar na nósanna laethúla atá agat. Tabhair aird ar na nósanna sin.
Jan 05, 202117:40
‘Rós, Rós, Dealg, Bachlóg’

‘Rós, Rós, Dealg, Bachlóg’

Cur síos ar chleachtas dearfach a thugann deis cainte do gach éinne sa teaghlach a chabhraíonn le meabhairshláinte agus tuiscint a fháil ar a chéile. ‘Rose, Rose, Thorn, Bud’.
Jan 03, 202118:33
Rud Amháin ag an Am

Rud Amháin ag an Am

Táimíd ar fad ró-ghnóthach agus sinn ag iarraidh iltascáil (multitasking). Sinn féin atá thíos leis. Ach, is féidir é a athrú.
Jan 02, 202117:01
Bímis Cineálta - Spreagadh Saoil

Bímis Cineálta - Spreagadh Saoil

Ba chóir dúinn a bheith cineálta, tuisceanach linn féin.
Jan 01, 202103:41