An Dearcadh Úr
By An Dearcadh Úr
An Dearcadh ÚrNov 23, 2020
Laethanta Saoire
Sa chlár seo labhraíonn Hannah agus Conor faoin samradh agus laethanta saoire
Ar ais arís
Helllllloooooooo! Is muidne Hannah, Ella agus Conor agus táimid AR AIS! Tar éis briseadh bheag, rinneamar siúil siar ar an samhradh go dtí seo agus caitheann muid súil ar an dtodhchaí! An comeback is mó a bhí ann ón lá a sheinigh na Spice Girls i bPáirc an Chrócaigh!
Críoch na hOllscoile
Agus muid ag teacht chuig deireadh na céime, smaoinaíonn muid siar ar an am a bhí againn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tugann muid sracfhéachaint ar an saol atá amach romhainn. Bí cúramach- éiríonn rudaí a bheith maoithneach!
An Nuatheicneolaíocht
Elon Musk... uaireadóirí cliste... Facebook- tugann muid sracfhéacaint ar chursaí nuatheicneolaíochta agus an tionchar atá ag an nuatheicneolaíocht orainn mar shochaí
Na Meáin Shóisialta agus dul chun cinn na dTionchairí
Sa chlár labhair muid mar gheall ar tionchairí ar na meáin shóisialta agus an chumhacht a bhaineann leo sa lá atá inniu ann, agus conas go bhfuil greim ag na meáin shóisialta ar an sochaí na laethanta seo!
Cúrsaí Teilifíse
Dreas caint faoi chúrsaí teilifíse agus Netflix- idir moltaí, conspóid agus cláracha Gaeilge!
Cúrsaí Bia, baby!
An tseachtain seo, labhraíomar faoi chúrsaí bia agus gach rud bainteach leis! Ceapaimid go bhfuil gach duine beagáinín gafa leis an mbia na laethanta seo, ó shiúlóidí faoin aer, caifí agus béilí le tabhairt leat, agus bhí roinnt scéalta suimiúla againn faoin mbia agus faoin ár mbéile sraith an bháis.
An Ghaeilge sa Tuaisceart- Comhrá le Erin Ní Bhroin
Sa chlár seo, labhraíonn Hannah, Conor agus Ella le Erin Ní Bhroin, mac léinn Gaeilge agus aistriúchán in OÉGaillimh faoina haistear le Gaeilge agus í ag fás aníos i nDoire. Comhrá spéisiúil, macánta agus ionraic atá ann.
An Dearcadh Dearfach- Ceachtanna agus Comhrá le Love, Anna!
Seachtain na Gaeilge shona daoibh! Sa chlár seo, labhair muid le Anna Campbell, cara linn a thosaigh leathnach nua ar Instagram le déanaí a spreagann dearfacht agus inspioráid ionann lena cuid teachtaireachtaí ar líne. Labhraíonn muid faoin dearfacht a bhíonn aici, conas tú féin a choinneáil sláintiúil na laethanta seo agus na ceachtanna a d'fhoghlaim i rith na bliana seo caite.
Ag filleadh ar an ngnáthshaol- cad a dhéanfaimis ar an gcéad lá normálta?
Sa chlár seo, labhraíonn muid go dearfach faoi na rudaí a bhfuil muid ag iarraidh a dhéanamh nuair atá an phaindéim thart. Samhlaigh air- lá éigin sa todhchaí, tá sé ráite leat: "Is féidir leat pé rud más mian leat a dhéanamh- cad a dhéanfá?" An rachfá go dtí an pub, an ionad siopadóireachta nó ar saoire? Tá an domhan i gcroí do bhoise agat!
An Dátheangachas
Sa chlár seo, labhraíonn muid faoin dátheangachas sa lá atá inniu ann. Déanann muid plé ar thodhchaí na hEorpa, an meon atá ann in Éirinn maidir le teangacha, agus cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge a chur chun cinn is a chothú.
Cúrsaí Grá in Éirinn
Sa chlár seo, labhraíonn muid faoi cúrsaí grá! Déanann Conor cur síos ar an am a d'inis sé bréag faoi a bheith ag dul ar First Dates, díospóireacht ann faoi cé a íocfadh as an gcéad choinne agus na hamhráin ghrá a thaitníonn le Hannah agus Ella.
Spíonta- conas dul i ngleic leis?
Sa chlár seo, labhraíonn Hannah, Ella agus Conor faoi bheith spíonta- agus na rudaí a dhéanann siad chun dul i ngleic leis!
Is sí an Nollaig í
Sa chlár seo, labhraíonn Hannah, Conor agus Ella faoin Nollaig in Éirinn agus conas go mbeidh sí difriúil i mbliana mar gheall ar an gCovid. Labhraíonn siad faoina traidisiúin is fearr leo faoin Nollaig agus na rudaí is fearr le déanamh i rith na saoire.
Cúrsaí Ceoil in Éirinn
Sa chlár seo, labhraíonn Hannah, Conor agus Ella faoi chúrsaí ceoil in Éirinn, an comhionannas sa cheol agus na ceoltóirí Éireannacha is fearr leo.
Cúrsaí spóirt agus aclaíochta le Ashling Mullin
Sa chlár seo, pléann Hannah, Ella agus Conor tábhact an spóirt sna laethanta seo. Chomh maith leis sin, tarraingíonn siad aird ar thábhacht an chomhionannais sa spórt agus a dtaithí féin leis an spórt agus iad ag fásadh aníos. Tagann an chéad chara don phodchraoladh Ashling Mullin isteach chun labhairt leo faoi thábhacht an spóirt ina saol freisin.
Na 2000s
Ah, na noughties! Labhraíonn Hannah, Ella agus Conor faoin ré órga ina d'fhás siad aníos. Bí ag súil le caint faoi Yu-Gi-Oh, Pokemon, Michael Morpurgo, Tracey Beaker, Kiss Mag agus Pez... go leor, leor Pez.
Oíche samhna atá ann
Oíche na Samhna atá ann, agus labhraíonn muid faoi phiseogaí agus rudaí scanrúla a bhaineann le hOíche na Samhna! Spúcaí!
Reiligiún- an mbíonn daoine óga ag plé leis in Éirinn na laethanta seo?
Labhraíonn muid faoi chúrsaí creidimh san eagrán seo! Déanann muid cur síos ar ár dtaithí féin le reiligiún agus pléann muid an todhchaí atá romhainn leis.
Mearfhaisean agus an inbhuanaitheacht
Pléann muid ceist na hinbhuanaitheachta agus an mearfhaisean. An féidir linn a bheith níos fearr ó thaobh cúrsaí timpeallachta de? Conas gur féidir linn rudaí beaga a dhéanamh chun feabhas a chur ar an domhain? Éist linn chun fáil amach!
Taisteal
Sa bhliain 2020, níl an deis againn dul thar lear mar gheall ar Chovid-19! Mar sin, labhraíonn muid faoin ár dtaithí féin leis an taisteal, agus tugann muid ár moltaí daoibh faoina haiteanna is fearr le dul i ndiaidh na pandéime!
Covid 19 agus an Ollscoil
Sa chlár seo, cuireann muid féin in iúl daoibh agus labhraíonn muid faoi chúrsaí Covid-19 agus an tionchar atá ag an bpandéim ar an ollscoil na laethanta seo!