Skip to main content
Litriocht

Litriocht

By Litriocht

Podchraoladh dírithe ar litríocht na Gaeilge. Is féidir teacht ar gach leabhar Gaeilge i gcló ag www.litriocht.com
Available on
Google Podcasts Logo
RadioPublic Logo
Spotify Logo
Currently playing episode

Litriocht4 - Agallamh le Richie Conroy, Dialann Emily Porter - An Jailtacht

LitriochtJun 24, 2019

00:00
32:01
Anna Heussaff faoi Agallamh ar Litriocht.com

Anna Heussaff faoi Agallamh ar Litriocht.com

San agallamh seo tugann Anna Heussaff léargas dúinn ar a saol scríbheoireachta, cad a sspreagann í chun a húrscéealta iontacha - leithéidí Buille Marfach, Bás Tobann agus Scáil an Phriosúin - a scríobh.  Labhrann sí freisin ar a léargas ar na bearnaí sna seanraí éagsúla ó thaobh na leitheoirí Gaeilge.  Is leitheoirí atá ag iarraidh leabhair a scríobh ar mhaith lei féin a bheith ag léamh......

Sep 01, 201931:54
Litríocht - Réaltán Ní Leannáin faoi agallamh

Litríocht - Réaltán Ní Leannáin faoi agallamh

Seo chughaibh an eagrán is déanaí de phodchraoladh Litríocht.com - agus is ceann ar leith é.  An tseachtain seo tá an t-údar agus an fhile, Réaltán Ní Leannáin faoi agallamh agus, le cois sin, ag léamh óna saothar, Cití na gCartaí agus Dílis.   Agus tá sí ag geallúint Cití 2!   Ná déan dearúd gur féidir leat leabhair Réaltán a cheannach ar Litríocht.com agus ná dearúd an dearbhán #LeabhraSamhra a úsáid chun lascaine a fháil ar orduithe ós cionn €50!

Jul 15, 201928:19
Litriocht - Diarmuid Johnson faoi agallamh

Litriocht - Diarmuid Johnson faoi agallamh

Tá duaiseanna buaite ag Diarmuid Johnson dá inseachtaí ar sean scéalta ó Leabhar na hUidre, bunsaothar de chuid mhór de sheanchas na hÉireann. Is iontach an saibhreas is an scéalaíocht atá ina chuid leabhair, Conaire Mór, Tuatha Dé Danann agus an triú leabhar sa sraith, Éadaoin, a fhoilseofar an bhliain seo chughainn.  Seo chughainn é ag caint linn ón mBruiséal mar atá sé ina aistritheoir.    

Jul 08, 201923:02
Litriocht4 - Agallamh le Richie Conroy, Dialann Emily Porter - An Jailtacht
Jun 24, 201932:01
Litríocht 3 - Dialann Emily Porter, Agallamh le Michelle Nic Phaidín

Litríocht 3 - Dialann Emily Porter, Agallamh le Michelle Nic Phaidín

Tá an lucht éisteacht do Litriocht, podchraoladh Litríocht.com, ag dul i líonmhaire.  Go raibh maith agaibh. San eagrán seo tá plé againn faoin litríocht atá ar fáil don aos óg, an chonspóid atá údair ar nós John Boyne, an fear a scrígh 'My Brother's Name is Jessica".     Tá agallamh freisin le Michelle Nic Phaidín, údar An tIriseoir agus Fuascailt an Iriseora.    

Jun 17, 201921:33
Litriocht - "Gaeilge A Radical Revolution" agus Ceithre Mhaistrí Bhaile Mhúirne

Litriocht - "Gaeilge A Radical Revolution" agus Ceithre Mhaistrí Bhaile Mhúirne

Fáilte rómhaibh! Seo an dara eagrán den podchraoladh seo agus le linn an eagráin seo beimíd ag caint le h-údar, 'Gaeilge - A Radical Revolution' .   Ollamh Cúnta le Stair é Caoimhín de Barra, údar an leabhair, agus tá sé ag múineadh in Ollscoil Gonzaga i Washington.   Tá roinnt tuairimí suimiúla ag Caoimhín faoi athbheochan na Gaeilge agus roinnt léargais atá spreagúil faoin slí í a chur chun cinn sa lá atá inniu ann.   Le linn an eagráin seo freisin tá tuairisc ó nochtadh leachta i mBaile Mhúirne in omós don bhfoclóirí is oide scoile, Mícheál Ó Briain. Liam Ó hÉigeartaigh a thug an léacht sg an ocáíd a bhí eagraithe ag Dámh Staire, Acadamh Fódhla.  Mar eolas is í Éabha Breatnach a sheinn an chonsairtín do cheol aitheantais an phodchraoladh, Bruach an tSuláin.  

Tuilleadh Eolais. 

Rugadh Mícheál Ó Briain i mBaile Nóra lámh le cathair Chorcaí ar 5 Samhain, 1866. Ní raibh Gaoluinn aige ó dhúchas ach thosnaigh sé á foghlaim is á cleachtadh is é óg in Uibh Laoire agus nuair a d’aistrigh sé go Baile Mhúirne chun a bheith ina mhúinteoir i Scoil Abán Naofa luigh sé isteach ar an dteanga a mhaistriú, rud a dhein. Bhailigh sé timpeall air féin buíon chainteoir ar a raibh Mícheál Ó Lúinse, Tadhg Ó Riordáin agus Conchúr Ó Deasúna. B’iad san a dtugtaí na Ceithre Mháistí orthu. Lena gcabhair san thosnaigh sé ag bailiú focail is cainteanna agus á scriobh i leabhair. Spreag sé an triúr eile an oiread san gur chuir siad isteach ar an Oireachtas le dréachtaí agus scéalta. De bharr a chuid oibre, tá Trí Sgéalta, Madra na nOcht gCos agus Sgéalta Trír againn uathu.  De réir Cnósach Focail ó Bhaile Bhúirne i gCunndae Chorcaí a rinne sé eagarthóireacht air in éineacht le Brian Ó Cuív. 
Nuair a bhí an Foclóir Gaedhilge agus Béurla á ullmhú le dul i gcló don tarna huair ag an Athair Pádraig Ua Duinnín, chuir an Maistir Ó Briain liosta chuig an eagarthóir ar a raibh breis is míle go leith focal is a mbrí léirithe aige. Bhain an tAthair Ó Duinnín úsáid as an liosta sin agus tá (Bv) le h-ais na focail a tháinig ón liosta sin. Cailleadh an Maistir Ó Briain i 1942 in aois 75 bliana d’aois. Foilsíodh Cnósach Focail ó Bhaile Bhúirne i 1947.

Jun 10, 201947:12
Litríocht - An Chéad Eagrán

Litríocht - An Chéad Eagrán

Seo an chéad eagrán de phodchraoladh Litríocht.  San eagrán seo beidh scéalta faoi leabhair nua atá á fhoilsiú, ní bheidh 'loiteoir' faoi Cluiche na gCórónach agus beidh agallamh againn le h-údar 'Nóinín, Myra Zepf. Is féidir teacht ar Nóinín ag www.litriocht.com!

May 20, 201929:02